Ar Dhomhnach Cásca an 27 Márta 2016, chuaigh 1,000 guth as 31 cór in Éirinn i bpáirt le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ ina hiomláine agus leis an stiúrthóir David Brophy chun A Nation’s Voice (Glór Náisiúin) a thaibhiú san Ard-Mhúsaem, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.