An Chéad Ghlúin Eile
Bronnadh na sparánachtaí don Chéad Ghlúin Eile ar ealaíontóirí nuálacha óga atá ag saothrú i réimsí amhail na físealaíona, an ceol, an litríocht, an scannán, an damhsa, an téatar agus an sorcas. Bronntar na sparánachtaí mar aitheantas ar an ról a bhí ag ealaíontóirí in imeachtaí 1916 agus iad ceaptha chun tacú le cleachtas leanúnach ealaíontóirí comhaimseartha. Tiocfaidh na healaíontóirí le chéile le haghaidh comhchónaitheacht seachtaine in Aibreán 2016.