Comhoibriú is an In the Shadow of the State idir amharc-ealaíontóirí, Sarah Browne agus Jesse Jones, ina ndéantar iniúchadh ar a bheith ina stát ó pheirspictíocht corp mná de. I gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916, déantar scrúdú sa tionscadal ar bhreith an stáit, agus cad is brí leis do mhná sa lá inniu. Trí shraith imeachtaí beo rannpháirtíochta i spásanna allabhracha stairiúla in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, áirítear saineolaithe comhoibríocha ó na réimsí leighis, dlí, cultúir ábhartha agus ceoil sa tionscadal. Tá Éirí Amach 1916 – arbh ghluaiseacht shóisialach agus fheimineach í ar dtús chomh maith le tionscadal náisiúnach – fós gan chríochnú do mhná in Éirinn. Tá In the Shadow of the State comhchoimisiúnaithe ag Create (Éire) agus Artangel (an Ríocht Aontaithe), agus tugann Heart of Glass (an Ríocht Aontaithe) tacaíocht bhreise ina leith.
Sarah Browne agus Jesse Jones
Tá Sarah Browne agus Jesse Jones bunaithe i mBaile Átha Cliath agus rinne siad a staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Ina gcomhoibriú, mar chleachtas feimineach, tugann siad comhbhuarthaí le chéile. Tá líon iomadúil saothar déanta acu laistigh agus lasmuigh de spásanna dánlainne, agus tá taithí fhairsing acu ar chomhthéacsanna comhoibríocha agus trí choimisiúin ealaíne phoiblí. Rinneadh a dtaispeántais, a scannáin agus a dtionscadail phoiblí a léiriú ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, le haghaidh institiúidí amhail Project Arts Centre, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Biennale Iostanbúl, Artsonje Seoul, Bailiúchán Ealaíne Daimler agus Pailliún na hÉireann ag Biennale na Veinéise.
←Fill ar ais go dtí an leathanach Éire 2016