Maidir
EALAÍN: 2016
Gairm oscailte do shamhlaíocht na hÉireann
EALAÍN: 2016, an teideal atá ar chlár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016. Tá áit lárnach ag an ealaíontóir agus na healaíona sa Chomhairle Ealaíon maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn sí do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den ról a bhí ag ealaíontóirí san Athbheochan Cheilteach agus sna himeachtaí a tharla suas go dtí an tÉirí Amach. Thug siad dúshlán agus spreag siad insint eile ina ndearnadh iarracht Éire nua, bunaithe ar chultúr, a shamhlú. Céad bliain ón Éirí Amach, bíonn ealaíontóirí fós ag fógairt ár náisiúin. Ina gcuid saothair, feictear an tsamhlaíocht bhuanseasmhach a d’fhéadfadh a bheith in Éirinn.
EALAÍN: 2016 – taispeántas poiblí éagsúil agus faoi leith d’ealaín na hÉireann a chuirfear i láthair ar fud na hÉireann agus thar lear ar feadh na bliana ar fad. I measc phríomh-shraitheanna an chláir tá na Dámhachtainí Tionscadail Gairmeacha Oscailte, ina bhfuil imeachtaí ealaíne comhaimseartha ceannródaíocha i ndamhsa, sna hamharcealaíona, i bhfilíocht agus i gceol; Dámhachtainí Sparánachta don Chéad Ghlúin Eile ina n-aibhsítear saothar ocht n-ealaíontóir déag in ealaín na hÉireann a bhfuil gealladh fúthu; agus A Nation’s Voice, ceolchoirm in aisce faoin spéir ag Dún Uí Choileáin ar Dhomhnach Cásca, ina mbeidh saothar nua córúil agus ceolfhoirne le Shaun Davey agus Paul Muldoon, agus cór 1,100 duine. EALAÍN: 2016, ina mbeidh rogha de léiriúcháin camchuairte náisiúnta freisin.
EALAÍN: 2016 – is cuid é de Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Tá tacaíocht á tabhairt ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus cruthaíodh é le raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.