Déantar iniúchadh in Making Ireland Modern ar an ngaol idir ailtireacht, bonneagar agus teicneolaíocht nuair atá náisiún nua á thógáil. Tá sé tógtha mar mhaitrís oscailte de líníochtaí, grianghraif, samhlacha agus iarsmaí eile, cuirtear deich gcinn d’eipeasóidí bonneagair i láthair sa taispeántas – Frithoibríocht, Leictreachas, Sláinte, Iompar, Teilifís, Eitlíocht, Oideachas, Teileachumarsáid, Mótarbhealaí, Sonraí – ag dul thar thréimhse céad bliain ó 1916–2016. Agus iniúchadh á dhéanamh ann ar raon scálaí ó dhearadh mionsonraithe na míreanna go dtí tírdhreacha iomlána agus críocha eile, déantar cur síos in Making Ireland Modern ar ról na hailtireachta chun féiniúlacht fhisiceach agus chultúrtha an stáit nua a chlaochlú trína idirsheisiún i ngnáthshaol a dhaonra.
Tionscadal Camchuairte is ea Making Ireland Modern mar chuid de EALAÍN: 2016. Cuireadh i láthair i dtosach é mar Infra Éireann – Making Ireland Modern ag Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta 2014 – La Biennale di Venezia. Tionscnamh de chuid Chultúr Éireann agus na Comhairle Ealaíon is ea Éire sa Veinéis.