Comhoibriú cruthaitheach idir ANU agus CoisCéim Dance Theatre, léiriú beo, tumthach agus suiteáil scannáin is ea THESE ROOMS ina ndéantar an damhsa comhaimseartha, an téatar agus an amharc-ealaín a thrasphailniú. Tá an saothar bunaithe ar theagmhas stairiúil, a tharla ar Shráid an Rí, Baile Átha Cliath in Aibreán 1916 a bhain le marú cúigear fear sibhialtach déag. Agus tagairt á déanamh do chuntais finné súl, beidh THESE ROOMS ina fhianaise fhisiciúil chorpraithe ina dtarraingítear aird ar éifeachtaí an choinbhleachta ar shaolta gnáthdhaoine agus ina n-athdhearbhaítear ról na healaíne agus an stair á caibidliú.
ANU Productions
Tá ANU tiomanta do chur chuige idirdhisciplíneach maidir le léiriú beo ina dtrasphailnítear an amharc-ealaín, an damhsa agus an téatar ar bhealach dianchomhoibríoch agus ina gcuirtear an lucht féachana i gcroílár a saothair ag an am céanna. Is iad na Stiúrthóirí Ealaíne Louise Lowe agus Owen Boss atá in ANU, agus tá sé léirithe ag Lynette Moran agus Matt Smyth. Áirítear ar na saothair:Pals,The Irish at Gallipoli (Collins Barracks); Glorious Madness (Failte Ireland and DCC); Beautiful Dreamers (Limerick City of Culture), Vardo (DTF2014), Angel Meadow (HOME Manchester), Thirteen (DFF), Dublin Tenement Experience;The Boys of Foley Street (DTF2012); Laundry (DTF2011), World's End Lane (DTF2010), Memory Deleted and Basin (DFF).
Amharclann Rince CoisCéim
Bunaíodh Coiscéim i 1995, agus is tá a stíl léiriúcháin comhaimseartha agus beoga, agus meas eolasach acu ar an saol laethúil Cuimsíonn an Stiúrthóir Ealaíne, David Bolger rogha stíleanna damhsa chun scéalta agus mothúcháin a bhaineann leis na tírdhreacha ina gcónaímid a chur in iúl. Chuir an chuideachta saothar i láthair lucht féachana, idir bheag agus mhór, ar an stáitse agus ar scannán ar fud na hÉireann agus thar lear. Áirítear ar na buaicphointí: Ballads (Jacob’s Pillow Dance Festival, SAM agus Ten Days on the Island Festival, an Astráil); Knots agus Swimming with my Mother (Peak Performances, USA); Knots (Biennale na Veinéise) agus go deireanach in 2014, Missing ag Edinburgh Festival Fringe.
←Fill ar ais go dtí an leathanach Éire 2016