Tionscadail Gairmeacha Oscailte
Trí ghairm oscailte, arna bhronnadh ag giúiré neamhspleách, tá deis tugtha do naonúr ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne bheith páirteach sa chomóradh céad bliain trí thograí uaillmhianacha a chruthú thar raon foirmeacha ealaíne. Tugann clár na Gairme Oscailte aitheantas don ról a bhí ag ealaíontóirí in imeachtaí 1916, agus é mar aidhm aige fís d’Éirinn na linne seo a roinnt de réir dhearcadh a cuid ealaíontóirí.