Spriocdháta | 17:00, Dé Luain 05 Meán Fómhair 2016 |
---|
Suim a dámhadh | €5,000 |
---|
Foirm ealaíne | Daoine óga páistí agus na healaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Áisínteacht sheachtrach | National Youth Council of Ireland |
---|
Teagmhálaí | Niamh Dillon |
---|
Teileafón | 01 478 4122 |
---|
ríomhphoist | niamh@nyci.ie |
---|
Suíomh gréasáin | http://www.youtharts.ie |
---|
Á fheidhmiú ag Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann
Tá an scéim seo á bainistiú ag Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann thar ceann na Comhairle Ealaíon agus na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tabhair faoi deara go bhféadfadh an dámhachtain bheith faoi réir coinníollacha agus critéar nach ionann iad agus iad sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le dámhachtainí arna riar go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba cheart iarrataí ar fhaisnéis nó foirmeacha iarratais a sheoladh chuig clár ealaíon na n-óg ag CNÓÉ.
Cur Síos
Tá an scéim cónaitheachta d’ealaíontóirí agus obair óige ceaptha chun comhpháirtíochtaí nuálacha a chur chun cinn idir grúpaí óige, ealaíontóirí agus (nuair is ábhartha) eagraíochtaí ealaíon. I measc na gcineálacha cónaitheachta a d’fhéadfadh bheith i gceist, tá ealaíontóir cónaithe i suíomh oibre don óige agus/nó grúpa óige i mbun cónaitheachta i suíomh ealaíon.
Tá dhá shnáithe ag baint leis an scéim cónaitheachta d’ealaíontóirí agus obair óige. Snáithe 1 – forbairt; agus Snáithe 2 – cónaitheacht iomlán.
Snáithe 1 – forbairt (€1500, agus deis iarratas a dhéanamh ar €3500 eile)
Tá sé i gceist leis an snáithe seo tacaíocht a thabhairt d’eagraíocht nó d’ealaíontóir oibriú le comhpháirtithe beartaithe d’fhonn
clár cónaitheachta comhoibríoch a fhorbairt. Beidh deis ag iarratasóirí rathúla ar Shnáithe 1 togra leantach a chur isteach taobh istigh de thrí mhí ón dáta a fuair siad a ndámhachtain maoinithe chun leanúint den chlár beartaithe.
Snáithe 2 – cónaitheacht iomlán (€5000)
Tá sé i gceist leis an snáithe seo tacaíocht a thabhairt do chláir chónaitheachta atá forbartha le chéile ag na comhpháirtithe lena mbaineann (i.e. an t-ealaíontóir, an grúpa óige agus aon phríomheagraíocht eile is comhpháirtí) agus a chomhlíonann go hiomlán na critéir le haghaidh na dámhachtana.
Spriocdháta
Dé Luain, an 5 Meán Fómhair 2016 ag 5pm
Tuilleadh faisnéise
Chun faisnéis a fháil faoin Scéim agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil le
Clár Náisiúnta Ealaíon na nÓg
Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann
3 Sráid Montague
Baile Átha Cliath 2 Éire
niamh@nyci.ie nó cuir glaoch ar 01 478 41 22
Téigh chuig http://www.youtharts.ie/content/artist-youth-work-scheme hun tuilleadh sonraí a fháil