Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 11 Feabhra 2021 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Camchuairte, Ceol, Daoine óga páistí agus na healaíona, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 61 80 200 |
---|
Tá iarratais á lorg i gcomhair tograí a bhfuil maoiniú á lorg iontu chun tacaíocht a thabhairt do shaothar a thabhairt ar chamchuairt agus a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus raon cleachtais ealaíne. Ceapadh an scéim seo chun tacú le camchuairteanna agus scaipeadh saothair a gcuirfear tús leo idir mí na Bealtaine 2021 agus mí na Nollag 2021.
Tá an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair oscailte d’iarratais ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair. Spreagtar iarratais ina léirítear comhoibriú / comhpháirtíocht idir líonraí, cuibhreannais nó grúpaí eile láithreoirí, go háirithe nuair a léirítear iontu ardleibhéal rannpháirtíochta le luchtanna féachana/éisteachta agus ardleibhéal comhoibrithe leis an aonán nó leis na healaíontóirí atá i mbun léirithe. Beifear ag súil go gcuirfear srianta féideartha san áireamh sna hiarratais agus go gcuirfear pleananna le chéile de réir na srianta féideartha sin.
Níl iarratasóirí atá ag fáil maoiniú Straitéiseach/d’Ionaid Ealaíon/Comhpháirtíochta i dteideal iarratas a dhéanamh ar an mbabhta seo, cé is moite de na heagraíochtaí sin a chuir iarratas isteach roimhe seo ar an mbabhta Réamhphleanáil 2021 a cuireadh ar ceal. Tá iarratasóirí atá ag fáil maoiniú eile de chuid na Comhairle Ealaíon i dteideal iarratas a dhéanamh, ar an gcoinníoll go mbeidh sé soiléir go bhfuil an ghníomhaíocht camchuairte nó scaipthe saothair dá bhfuil maoiniú á lorg sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a bhfuil maoiniú tairgthe ina leith ag an gComhairle Ealaíon cheana féin.
Ní mór tús a chur leis na camchuairteanna idir mí na Bealtaine 2021 agus mí na Nollag 2021.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú