Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 06 Meitheamh 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €25,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180 200/01 618 0243 |
---|
ríomhphoist | muireann.walsh@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámhachtana
Scéim sparánachta d'ealaíontóirí is ea Dámhachtain
Markievicz. Is féidir le suas le 10 n-ealaíontóir ó gach cúlra, foirm ealaíne
agus réimse cleachtais ealaíon iarratas a dhéanamh ar dhámhachtain € 25,000. Tá
an dámhachtain deartha chun am agus spás a cheannach d'ealaíontóirí, ag obair
ina n-aonar nó i gcomhar, chun saothar nua a fhorbairt a léiríonn ról na mban
sa 20ú haois agus ina dhiaidh sin. Déanann an Chomhairle Ealaíon an dámhachtain
seo a riar thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta,
Spóirt agus Meán.
Bunaíodh Dámhachtain Markievicz ar dtús mar ghné
lárnach de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán (2012-23) chun ómós a thabhairt
do Constance de Markievicz. Ba ealaíontóir í Markievicz agus an chéad bhean a
toghadh in Éirinn chuig Parlaimint agus a ainmníodh sa Chomh-aireacht. I
bhfianaise thábhacht ghluaiseacht athbheochana na Gaeilge le linn na tréimhse
réabhlóidí, agus na bhfreagrachtaí leanúnacha agus ar leith atá ar an Roinn
tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, sannfar ceann amháin de na
dámhachtainí gach bliain d'ealaíontóir atá ag obair sa Ghaeltacht agus trí mheán
na Gaeilge, faoi réir iad a bheith ag baint amach caighdeán inbhronnta.
Osclófar
an dámhachtain d'iarratais ar an 7 Bealtaine agus is é an spriocdháta
d'iarratais ná Déardaoin, an 6 Meitheamh ag 5.30pm. Déanfar treoirlínte a
fhoilsiú go luath.
Má tá aon
cheist ghinearálta agat maidir leis an scéim seo, déan teagmháil le
muireann.walsh@artscouncil.ie, le do thoil.
Má bhíonn
ceisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne nó cleachtais
ealaíon, seol ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha le do thoil. Tá na sonraí
teagmhála go léir ar leathanach Déan Teagmháil Linn na Comhairle Ealaíon.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú