Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 22 Feabhra 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €25,000 |
---|
Foirm ealaíne | Rince |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teagmhálaí | Adele Kirwan |
---|
Teileafón | 0871175134 |
---|
ríomhphoist | adele.kirwan@artscouncil.ie |
---|
Is é is cuspóir don Scéim Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa seo ná
cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí damhsa cónaitheacha ar fud na tíre
agus tacú leo. Tá an scéim dírithe go sonrach ar ealaíontóirí damhsa ag obair i
gcomhpháirt le hionad ealaíon, le heagraíocht ealaíon nó le féile agus/nó le
húdarás áitiúil (NB: tá údarás áitiúil éigeantach do Shnáithe 1). Baineann dhá
shnáithe leis an scéim seo:
Snáithe 1
- Ealaíontóirí damhsa
gairmiúla a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann agus a bhfuil tacaíocht
thiomanta acu ó údarás áitiúil amháin ar a laghad agus ó ionad ealaíon nó ó
eagraíocht ealaíon nó ó fhéile amháin.
- Údaráis áitiúla a bhfuil sé beartaithe acu
cónaitheacht a bhunú d’ealaíontóirí damhsa gairmiúla.
Snáithe 2
- Ealaíontóirí damhsa
gairmiúla a bhfuil tacaíocht thiomanta acu ó ionad ealaíon, ó eagraíocht
ealaíon nó ó fhéile.
- Ealaíontóirí damhsa ar
mian leo tabhairt faoi thréimhse meantóireachta le healaíontóir damhsa
cónaitheach oilte chun a gcleachtas pobail a fhorbairt.
- Ealaíontóirí damhsa ar mian leo cónaitheacht
ghearrthéarmach a fhorbairt le cohórt sonrach daoine.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú