Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 02 Bealtaine 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €4,000 |
---|
Foirm ealaíne | Creative Schools |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Scoileanna Ildánacha |
---|
Teileafón | (01) 6180200 |
---|
ríomhphoist | creativeschools@artscouncil.ie |
---|
Tabharfar pacáiste
tacaíochtaí do scoileanna / ionaid rannpháirteacha lena n-áirítear oibriú le
Comhlach Cruthaitheach, oiliúint agus líonrú chun tacú leo a bPlean Scoile
Cruthaitheach a chruthú, chomh maith le maoiniú síl chun tús a chur lena bPlean
a chur i bhfeidhm.
Gheobhaidh scoileanna a n-éireoidh leo €4,000 chun a
bpleananna a chur I bhfeidhm thar na blianta scoile 2023-24 agus 2024-25.
Chomh maith leis na
treoirlínte a íoslódáil agus a léamh, is féidir leat tuilleadh a fháil amach
faoi Thionscnamh na Scoileanna Cruthaitheacha anseo.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú