ilDÁNA 2020/2021
Tá ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua den scéim faisnéise ealaíon, ilDÁNA a fhógairt.
Scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona. Cuirfidh na páirtithe buiséad €120,000 ar fáil don scannán faisnéise suntasach seo a chaithfidh tréimhse sa phictiúrlann sula gcraolfar é i bpríomh-am sceidil TG4.
Ní mór iarratais a dhéanamh trí chóras Coimisiúnaithe ar líne TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, an 31 Eanáir 2020.
Treoirlínte ilDÁNA 2020/2021
Déanfaidh scannáin arna gcoimisiúnú do ilDÁNA cur síos beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist. Déanfar gach disciplín ealaíne a bhreithniú. Tabharfar tosaíocht d'ábhair chomhaimseartha ach d'fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú comhaimseartha ar shaothair/ábhair stairiúla. Cuirfear buiséad suas le €120,000 ar fáil d'aon scannán amháin. Seolfar é le taispeántas ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa phictiúrlann i gceist sula gcraolfar é le linn buaicam lucht féachana ar TG4 in 2020 / 2021.
TG4 a dhéanfaidh próiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA a riar. Eiseoidh TG4 conarthaí agus beidh feidhm le 'Téarmaí Trádála' TG4.
Ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus ionadaí neamhspleách a dhéanfaidh an roghnú faoi scéim ilDÁNA.
Iarratais
Ní mór iarratais a dhéanamh chuig E Coimisiún TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, an 31 Eanáir 2020. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná a bheidh déanach.
Fad an scannáin: Scannán fada
Buiséad Léiriúcháin: Suas le €120,000 an scannán.
Formáid HD agus fotheidil Bhéarla air
Teanga: Gaeilge nó dátheangach
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA
Foirm choimisiúnaithe chomhlánaithe ilDÁNA
Léiriú mionsonraithe ar an togra
Cur síos ar an gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe
Straitéis lucht féachana ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile scannán/pictiúrlann) más infheidhme
Buiséad léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid (cead ceoil agus ábhair, ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh)
CVanna na foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra. An stiúrthóir, léiritheoir, scríbhneoir, eagarthóir ina measc
Fianaise ar úinéireacht, cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí san áireamh maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
Deimhniú i scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach
Trí shliocht/shampla d'obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn eolais a chur faoin togra
Aon ábhar tacaíochta ábhartha chun bonn eolais a chur faoi chur chuige cruthaitheach an togra
Is mian le TG4 agus An Chomhairle Ealaíon
fostaíocht lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh;
comhionannas inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an pearsanra léiriúcháin;
éilíonn coinníollacha agus luach saothair cóir d'ealaíontóirí a mbeidh baint acu le déanamh scannáin ilDÁNA.
Roghnú
Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar:
fhís chruthaitheach an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair bheartaithe
indéantacht an togra i gcomhthéacs chuspóir ilDÁNA
a bhfuil déanta go dtí seo ag an iarratasóir
a mhéid a chuireann an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an pearsanra léiriúcháin
Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach a dtogra a phlé an tseachtain faoi dheireadh mhí Fheabhra 2020. TG4 a dhéanfaidh an dámhachtain don tsraith agus beidh feidhm le gnáth-théarmaí coimisiúnaithe sa chomhaontú léiriúcháin. Táthar ag súil go mbeidh na tionscadail tugtha chun críche agus ar fáil lena gcraoladh ar TG4 in 2020/2021.
Tuilleadh eolais
Ní mór d'iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh. Beidh gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil. Ní mór d'iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní ann do chomhaontú — ná d'aon chineál eile conartha — nó go mbeidh conradh foirmeálta scríofa ag TG4 nó thar a cheann.