D’eisigh an Chomhairle Ealaíon eagrán speisialta den Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla inar lorgaíodh iarratais ó Oifigí Ealaíon na nÚdarás Áitiúil agus ó Ealaín na Gaeltachta do thionscadail ealaíne in aon disciplín agus in aon réimse cleachtais, a bheadh deartha agus curtha i gcrích i gcomhpháirt le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon laistigh dá gceantair nó dá réigiúin, agus i gcomhar le comhpháirtí amháin ar a laghad a bheadh bunaithe in áit éigin eile san Eoraip. Roghnaíodh 23 tionscadal Comhpháirtíochta Ealaíon Áitiúil trí mheasúnú piaraí, agus cuimsítear iad in Culture Connects faoin sraith Local Arts Europe.
Tugadh cuireadh trí Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí de chuid na Comhairle Ealaíon iarratais a dhéanamh le haghaidh imeachtaí speisialta a mbeadh gné Eorpach ar leith ag baint leo, agus bronnadh tacaíocht fhorlíontach a bhain go sonrach le clár cultúir na hUachtaránachta ar an AE ar 28 gcinn d’Fhéilte agus Imeachtaí. Ina theannta sin, tugadh cuireadh díreach do líon beag féilte mórscála mar Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson, a bheidh ar siúl le linn thréimhse na hUachtaránachta agus a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le dul i gcionn ar lucht mór féachana ealaíon, páirt a ghlacadh sa tsraith Féile Festa.
Roghnaíodh sé thionscadal speisialta tras-chultúir sna healaíona traidisiúnta trí phróiseas iomaíoch, bunaithe ar mheasúnú piaraí, a bhí bainteach le Dámhachtain Deis de chuid na Comhairle Ealaíon.
Thug an Chomhairle Ealaíon cuireadh do chúig eagraíocht náisiúnta um acmhainní ealaíon do dhaoine óga comhordú a dhéanamh ar shraith imeachtaí agus gníomhaíochtaí speisialta, dírithe ar rannpháirtíocht chruthaitheach agus rannpháirtíocht ghinearálta daoine óga sna healaíona. Tá fócas ar leith ag Imeacht Líonraithe agus Sártaispeántais Ensembles na nÓg 2013 de chuid na Comhairle Ealaíon ar shoghluaisteacht ealaíontóirí san Eoraip, agus tá sé cuimsithe sa chlár freisin.
Cuireann Comhpháirtithe na Samhlaíochta cuid de na heagraíochtaí ealaíon in Éirinn a bhí an-tiomanta go deo do bheith ag obair thar teorainneacha náisiúnta na hEorpa, rud a rachaidh chun tairbhe na n-ealaíontóirí, na rannpháirtithe sna healaíona agus an lucht féachana in Éirinn. Thug an Chomhairle Ealaíon cuireadh d’eagraíochtaí roghnaithe a oibríonn go hidirnáisiúnta.