Más mian leat forléargas a fháil ar thimpeallacht cultúrtha na hÉireann, lena n-áirítear:
- Peirspictíochtaí staire: beartais agus ionstraimí cultúrtha;
- Cúrsaí riaracháin agus ceapadh beartas;
- Na cuspóirí ginearálta agus na prionsabail a bhaineann le beartas cultúrtha;
- Ceisteanna reatha agus díospóireacht maidir le forbairt beartais cultúrtha;
- An reachtaíocht i gcoitinne;
- Maoiniú le haghaidh cúrsaí cultúir;
- Institiúidí cultúrtha agus comhpháirtíochtaí nua;
- Tacú le cruthaíocht agus le rannpháirteachas;
- Foinsí agus naisc;
Logáil isteach ar an Compendium of Cultural Policies in Europe http://www.culturalpolicies.net Níl le déanamh agat ach dul chuig an láithreán agus cliceáil ar 'Country Profiles' ar an mbarra roghchláir agus scrollú leat go dtiocfaidh tú chomh fada le hÉirinn.
Tiomsaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí faoin margadh saothair; airgeadas poiblí agus chaiteachas tomhaltóirí. Níl an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tiomsú sonraí faoin earnáil cultúrtha ar bealach córasach faoi láthair, áfach. Is féidir leat teacht ar a gcuid staitisticí ag: www.cso.ie Is iad an tSuirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS), an Daonáireamh (CoP), agus an suirbhé ar bhuiséad teaghlach (HBS) na príomhfhoinsí ábhartha ó thaobh sonraí an Phríomh-Oifig Staidrimh. Is í an tSuirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh an samplashuirbhé rialta is mó a dhéantar ar theaghlaigh in Éirinn. Díríonn an suibhe seo go príomhúil ar mheastacháin ráithiúla faoin lucht oibre a thiomsú. Bailítear faisnéis mhionsonraithe faoi ionaid fostaíochta agus shlite beatha. Bíonn daonáireamh ann gach cúig bliana agus bailítear faisnéis mhionsonraithe den chineál céanna faoi fhostóirí agus shlite beatha.
Agus í ag saothrú ar son na n-ealaíon déanann an Chomhairle Ealaíon coimisiúnú go díreach, agus cuireann sí maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí acmhainne agus seirbhísí, chun taighde a dhéanamh ar tháirgí cultúir; ar lucht ceaptha cultúir; agus ar chleachtais chultúir; ar rannpháirteachas in imeachtaí agus i gníomhaíochtaí cultúrtha; ar chaiteachas ar earraí agus ar sheirbhísí cultúrtha; déantar taighde freisin ar shaothraithe cultúir; ar mhaoiniú mar thacaíocht don chultúr; ar thionscal agus imeachtaí cultúir agus ar oideachas agus oiliúint in earnáil an chultúir.
Is féidir teacht ar leabharlann iomlán den taighde a rinneadh ó 1951 go dtí an lá atá inniu ann sa chuid foilseacháin de láithreán gréasáin Na Comhairle Ealaíon.
Lena chois sin, tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le heagraíochtaí acmhainne agus seirbhíse seachtracha d'fhonn eolas agus comhairle spriocaithe a chur ar fáil. Féadfaidh tú teacht ar liosta de na heagraíochtaí sin sa chuid Naisc faoi eagraíochtaí acmhainne.
Tá taighde déanta le déanaí ag CLÉ, Cumann Fhoilsitheoirí Leabhar na hÉireann, agus ag an bhFóram Amharclannaíochta maidir lena réimsí saothair féin. CLÉ, Cumann Fhoilsitheoirí Leabhar na hÉireann: www.publishingireland.com; Fóram Amharclannaíochta: www.theatreforumireland.com
Féadfaidh tú breathnú, freisin, ar na sonraí atá ag Aonad na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta de chuid na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Déanann an tAonad iarracht timpeallacht a chruthú ina mbeidh bláth ar na hInsititiúidí Cultúrtha Náisiúnta agus é seo a dhéanamh trí maoiniú a chur ar fáil agus le creatlach oiriúnach beartais. Is iad seo a leanas na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta: An Chartlann Náisiúnta, An Ceoláras Náisiúnta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty agus Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann mar aon le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Déantar maoiniú a vótáil don Ghailearaí Náisiúnta as an Státchiste agus tá sé freagrach don Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Is iad na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta féin a thugann aire do cheisteanna a bhaineann lena mbainistiú laethúil ach is é an tAonad seo a bhíonn ag plé le ceisteanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta faoina bhfeidhmíonn siad agus maidir le soláthar acmhainní airgeadais.
Féach ar na leathanaigh ghréasáin ag: www.arts-sport-tourism.gov.ie/culture/overview.html
Is féidir figiúirí tinrimh a fháil ag: www.arts-sport-tourism.gov.ie/culture/attendance_figures.html