Téigh i dteagmháil linn
Freagraí ar cheisteanna faoi thionscadail, chomhphairtíochtaí, thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí na Comhairle Ealaíon.
Ní chuireann an Chomhairle Ealaíon an cineál seirbhíse atá uait ar fáil, faraor. D’fhéadfá ceist a chur ar leabharlannaí na hinstitiúide nó na heagraíochta a bhfuil baint agat léi. Féadfaidh tú sonraí teagmhála leabharlanna na hÉireann a fháil ag Library.ie. Láithreán tairsí é seo do leabharlanna na hÉireann. Is í an ghníomhaireacht stáit um leabharlanna poiblí agus chomhoibriú leabharlanna, An Chomhairle Leabharlanna, a bhainistíonn an láithreán. Tá sé d’aidhm ag Library.ie gurb é sin an chéad áit a rachaidh tú ar líne chun faisnéis a fháil faoi leabharlanna in Éirinn: poiblí, acadúil, speisialta www.library.ie
Féadfaidh tú sonraí a fháil faoi bheartas na Comhairle Ealaíon i gcuid Na hEalaíona in Éirinn den láithreán gréasáin. Tá ráitis ghearra pholasaí ann a tugann cuntas achomair ar chur chuige na Comhairle Ealaíonmaidir le 20 réimse oibre, agus tá cuntas imlíne iontu ar: dréachtphróifíleanna ar réimsí polasaí, láidreachtaí, dúshláin, na bearta a d'fhéadfadh an Chomhairle Ealaíon agus dreamanna eile a dhéanamh chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Féadfaidh tú cóip de Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon: Cleachtais (PDF, 0.31 MB) a íoslódáil. Is é seo plean gníomhaíochta na Comhairle Ealaíon a bheidh i bhfeidhm i gcaitheamh na dtrí bliana amach romhainn agus tá cuntas imlíne ann ar ár gclár oibre.
Is iad ár gcroí-fheidhmeanna faoi bhun Acht Ealaíon 2003 ná:
Déanaimid é seo trí:
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon nuachtlitir ríomhphoist mhíosúil a chuirtear ar fáil saor in aisce agus ina mbíonn eolas faoi imeachtaí agus nuacht reatha na Comhairle Ealaíon, lena n-áirítear na scéalta is déanaí faoi spriocdhátaí agus cinntí maoinithe. Is féidir clárú anseochun an nuachtlitir a fháil.
Lena chois sin tá eolas faoinár ngníomhaíochtaí ó 1951 go dtí an lá inniu le fáil sna Tuarascálacha Bliantúla sa chuid Foilseacháin.