Choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an staidéar An Pobal agus na hEalaíona (2006) (PDF, 0.44 MB) chun eolas a chur ar fáil faoi iompar agus dearcadh reatha mhuintir na hÉireann i leith na n-ealaíon.
Ag éirí ó staidéar na Comhairle Ealaíon d'iarr an Chomhairle Ealaíon ar raon tráchtairí a gcuid tuairimí agus peirspictíochtaí a thabhairt ar luach na n-ealaíon. Tá na paimfléid seo ann chun díospóireacht a mhúscailt agus chun aird a dhíriú ar an ról criticiúil atá ag na healaíona inár saol mar dhaoine aonair, mar bhaill de phobail éagsúla agus mar chuid dár sochaí i gcoitinne.
Is mar seo a leanas atá na chéad cúig phaimfléad sa tsraith:
- Tá sé tógtha againn; cad chuige nach dtiocfaidh siad? (PDF, 0.06 MB) - John Burns, eagarthóir nuachta eagrán na hÉireann den The Sunday Times;
- Gulag an dea-mhothaithe (PDF, 0.07 MB) - Ian Kilroy, scríbhneoir agus iriseoir, eagarthóir ealaíon an Irish Examiner;
- An tóraíocht ar theip ghlórmhar (PDF, 0.07 MB) - John Waters.
- The Siren Alps (PDF, 0.08 MB) - John McAuliffe
- An Cás don Éilíteachas (PDF, 0.07 MB) - Emer O'Kelly
- Idir an dúchas agus an sprioc: spás na healaíne (PDF, 0.10 MB) - Kevin Whelan, Stiúrthóir, Ionad Keough Naughton Notre Dame i mBaile Átha Cliath.