Táillí Iarratais
De réir fhorálacha na nAchtanna Saorála Faisnéise 1997 agus 2003, agus na rialachán ábhartha, ní mór, i gcásanna áirithe, táille a íoc tráth a ndéantar iarratas nó achomharc. Tháinig an riachtanas seo le táille a íoc i bhfeidhm an 7 Iúil 2003. Ní bheidh táillí le híoc mura bhfuil sa taifead nó sna taifid atá i gceist ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an té atá á lorg. Mura n-íoctar an táille, measfar nach ndearnadh an t-iarratas/ an t-achomharc. I gcásanna, áirithe, áfach, ní bhíonn aon táille le híoc nó bíonn táille níos lú i bhfeidhm.
Tá sonraí de na cásanna ina mbíonn táille le híoc, agus den mhéid a bhíonn le híoc, leagtha amach thíos:
Cineál Iarratais/ A chomhairc | Iarratas Bunaidh | Athbhreithniú Inmheánach | Achomharc chuig an OIC |
|---|
| Rochtain ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir | Níl aon táille | Níl aon táille | Níl aon táille |
| Leasú ar thaifid (Alt 17 den Acht um Shaoráil Faisnéise) | Níl aon táille | Níl aon táille | Níl aon táille |
| Ráiteas Fáthanna (Alt 18 den Acht um Shaoráil Faisnéise) | Níl aon táille | Níl aon táille | Níl aon táille |
| Achomharc i gcoinne cinneadh le táille a ghearradh | Níl aon táille | Níl aon táille | Níl aon táille |
| Iarratas a mbaineann Alt 28(6) den Acht leis | Níl aon táille | Níl aon táille | Níl aon táille |
| Rochtain ar thaifead neamhphearsanta ag duine nach bhfuil cárta leighis aige/aici | €15 | €75 | €150 |
| Iarratas ar thaifead neamhphearsanta ag duine a bhfuil cárta leighis aige/aici nó cleithiúnaí de chuid duine a bhfuil cárta leighis aige/aici | €10 | €25 | €50 |
| Tríú páirtí ag déanamh achomhairc i gcoinne cinneadh ag comhlacht poiblí a c(h)uid faisnéise a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail. | - | - | €50 |
Cuardach agus Aisghabháil
Tharlódh go mbeadh táillí i gceist i gcás cuardach/ aisghabháil agus/nó cóipeáil taifead is cúis le hiarratas saorála faisnéise. De ghnáth ní bheidh táillí i gceist sa chás nach bhfuil sna taifid atá á lorg ach faisnéis phearsanta, ach amháin má bhíonn líon suntasach taifead i gceist.
Ní iarrtar táillí cuardaigh agus aisghabhála/ cóipeála:
sa chás go dtabharfadh scaoileadh na dtaifead is cúis leis an iarratas saorála faisnéise cabhair ar leith d'aon duine nó d'aon ghrúpa atá ag iarraidh saincheist a mbaineann 'Tábhacht Náisiúnta' léi a thuiscint sa chás gur mó an costas a bhaineann leis an táille a bhailiú ná an táille féin
Táillí a Ghearrtar
Sa chás go n-iarrtar na táillí seo, beidh na rátaí seo a leanas i bhfeidhm:
- Cuardach & Aisghabháil : €20.95 san uair
- Coipeáil Taifead:
- Fótachóip 4c in aghaidh an leathanaigh
- Diosca Bog 51c
- CD-ROM €10.16
- X-gha €6.35
Níl cead ag comhlacht poiblí níos mó am cuardaigh agus aisghabhála a ghearradh ná an méid ama a thógfadh sé teacht ar na taifid agus córas maith comhdúcháin i bhfeidhm. Ní ghearrtar an táille ach le haghaidh ghníomh fisiciúil an chuardaigh.
Más dócha go mbeidh an táille chuardaigh agus aisghabhála níos mó ná €50.79, ní mór don chomhlacht poiblí éarlais, arb ionann í agus an cúigiú cuid ar a laghad den táille iomlán, a iarraidh. Ba chóir é sin a chur in iúl don té atá ag iarraidh na faisnéise coicís ar a mhéid i ndiaidh dó/di an t-iarratas a dhéanamh, chomh maith le meastachán ar an líon uaireanta a chloig cuardaigh a theastóidh. Ní chuirfidh an comhlacht tús leis an gcuardach go n-íoctar an éarlais.
Is féidir leis an té atá ag iarraidh na faisnéise dul i dteagmháil leis an gcomhlacht chun iarracht a dhéanamh an éarlais a laghdú nó a sheachaint m.sh. an t-iarratas a shainiú d'fhonn an líon taifead is gá a chuardach a ísliú. Má dhiúltaítear an t-iarratas, nó mura ndéantar ach é a pháirtdheonú, aisíocfar an éarlais.
Céard ar féidir leis an té atá ag iarraidh na faisnéise achomharc a dhéanamh ina thaobh?
Is féidir achomharc a dhéanamh i dtaobh na héarlaise a iarrtar agus i dtaobh mhéid na táille deiridh. Ní chuirfear san áireamh, áfach, ach an táille; ní scrúdófar na taifid is cúis leis an iarratas saorála faisnéise sa chás go ndéantar achomharc i dtaobh na héarlaise nó na táille deiridh.
Is é teideal an iarratais: Táillí Saorála Faisnéise
Is féidir breathnú ar shonraí iomlána an iarratais ar http://hr001:8080/WorkOrder.do?woMode=viewWO&woID=2175