Ceart Athbhreithnithe agus Achomhairc
Tugann an tAcht liosta díolúiní chun faisnéis íogair a chosaint sa chás go ndéanfaí dochar do phríomhleasanna an Stáit nó tríú páirtithe dá nochtfaí í. Má thoghraíonn an Chomhairle na forálacha seo chun eolas a shéanadh is féidir achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh. Is féidir achomhairc a dhéanamh freisin faoi athchur rochtana, táillí, foirmeacha rochtana is araile. Is iad seo leanas sonraí an phróisis achomhairc:
Athbhreithniú InmheánachFéadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarradh ar an gcinneadh tosaigh. Ball sinsearach foirne a dhéanfaidh é seo má tá tú míshásta leis an gcéad fhreagra a fuair tú - diúltú faisnéise, mar shampla, nó an fhoirm rochtana, táillí is araile, nó
b) mura bhfuair tú freagra laistigh de 4 sheachain ón am a rinne tú do chéad iarratas. Glactar leis gurb ionann é sin agus d’iarratas a dhiúltú agus tugann sé cead duit leanúint ar aghaidh go hathbhreithniú inmheánach.
Ní mór ‘Athbhreithniú Saorála Faisnéise’ a scríobh ar iarratas um athbhreithniú inmheánach agus é a sheoladh i scríbhinn chuig:
Mary FitzGerald
Oifigeach Acmhainní Daonna agus amp;amp; Seirbhísí Corparáide
an Chomhairle Ealaíon
70 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath.
Teil: 353-1-6180252
Facs: 353-1-6761302
Ríomhphost foi@artscouncil.ie
Ní mór a leithéid d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach laistigh de 4 sheachain ón am a rinneadh an chéad chinneadh. Ní mór don Chomhairle Ealaíon an t-athbhreithniú a chríochnú laistigh de seachtaine. Ní foláir an t-athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe de gnáth sula ndéantar achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Athbhreithniú an Choimisinéara FaisnéiseNuair a bhíonn an t-athbhreithniú inmheánach déanta féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaidh an Choimisinéir Faisnéise athbhreithniú ar an gcinneadh. Lena chois sin, mura bhfaigheann tú freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de 3 seachtaine, glactar leis gurb ionann é sin ag d’iarratas a dhiúltú agus féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir.
Is féidir achomhairc a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtar
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 1 6395689
Facs: +353 1 6395676
Ríomhphost: info@oic.ie