Físealaíontóir a bhfuil ardmholadh faighte aige é Brian Maguire (a rugadh sa bhliain 1951 i mBré) a bhíonn i mbun cleachtas gníomhach. Is minic a phléitear le cúinsí atá ligthe i ndearmad ag an tsochaí ina chuid saothair. Leagann sé seo dúshlán faoin mbreathnóir contrárthachtaí an tsaoil chomhaimseartha a thabhairt faoi deara. Chruthaigh sé spás do dhaoine ar baineadh cearta díobh le haghaidh an São Paulo Biennale (an Bhrasaíl). Tugtar aghaidh ina chuid saothair in Geel (an Bheilg) ar chontrárthachtaí i measc ealaíontóirí atá faoi mhíchumas intleachta. Tá caidreamh fadbhunaithe cruthaithe ag Maguire mar ealaíontóir le daoine i bpríosún i roinnt tíortha agus leo siúd a fhágann an príosún. Tá a chuid saothair le fáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i mBailiúcháin Bhardasacha in Éirinn agus in iarsmalanna timpeall na cruinne.
Tá Maguire ina bhall d’Aosdána agus bíonn Dánlann Kerlin, Baile Átha Cliath, ag feidhmiú thar a cheann.