Is straitéisí cumarsáide digití agus déantóir clár faisnéise í Helen Shaw. Is í a bhunaigh Athena Media agus tá sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin air, gníomhaireacht sna meáin dhigiteacha ag a bhfuil gradam bainte amach. Is céimí de chuid COBÁC í (BA i Litríocht an Bhéarla agus sa Stair, agus Céim Mháistreachta sa Nua-Stair) agus tá iarchéim san iriseoireacht aici ó OCBÁC. Bhí sí ina comhalta i Lárionad Weatherhead, an t-ionad gnóthaí idirnáisiúnta in Ollscoil Harvard, agus is iomaí alt atá scríofa agus curtha i láthair aici maidir leis an gcumarsáid dhigiteach, na meáin phoiblí, agus todhchaí na meán. Bhí sí ina hiriseoir sinsearach le The Irish Times sula ndeachaigh sí ag obair le RTÉ mar léiritheoir raidió, agus ansin chuaigh sí le bainistíocht nuachta le BBC Thuaisceart Éireann.
Bhí sí i gceannas ar Raidió RTÉ idir 1997 agus 2002, agus chuir sí RTÉ Lyric FM ar bun roimh ghlacadh leis an gcomhaltacht in Harvard. Bhunaigh sí Athena Media in earrach na bliana 2004 mar ghníomhaireacht inneachair meáin dhigitigh agus sainchomhairleoireachta agus chuaigh sí i mbun oibre le cliaint in Éirinn agus thar lear araon.
Bronnadh an tArd-Ghradam ag Féile Raidió Nua-Eabhrac ar Helen in 2016 as a cuid oibre ar chláir faisnéise raidió agus, le déanaí, chríochnaigh Athena Media taifead fuaime ar A Portrait of the Artist as a Young Man le James Joyce do thionscnamh na n-acmhainní digiteacha a bhaineann le Joyce sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá ardmholadh bainte amach ag an taifead sin.