Phléigh Joan Sheehy leis an amharclannaíocht ghairmiúil le breis agus tríocha bliain. Thaibhigh sí go rialta leis na compántais amharclannaíochta is mó le rá in Éirinn agus chuaigh sí ar mhórán camchuairteanna idirnáisiúnta agus náisiúnta. Le blianta beaga anuas, léirigh agus stiúir Joan léirithe ina fód dúchais, Luimneach, a bhfuil moladh faighte acu ó na léirmheastóirí, lenar áiríodh Anything But Love, Buck Jones and theBody Snatchers agus Maybe the Night. Bhí sí ar an ardán ar na mallaibh i John Gabriel Borkman, (Amharclann na Mainistreach), Big Maggie, (Compántas Amharclannaíochta an Druid) agus Woman and Scarecrow (Compántas Amharclannaíochta Blood in the Alley).
Tá flúirse taithí ag Joan freisin ó thaobh na scannán, na teilifíse agus an raidió de agus ghlac sí páirt i Ros na Rún ar feadh roinnt séasúr.