Tá Loughlin Deegan ina stiúrthóir ar The Lir, an tAcadamh Náisiúnta Drámaíochta ag Coláiste na Tríonóide.
Bhí Loughlin ina Stiúrthóir Ealaíne ar Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath idir 2007 agus 2011. Tá an fhéile sin ar cheann de na féilte tiomnaithe amharclannaíochta is sine san Eoraip. Bhí Loughlin ina Léiritheoir Feidhmiúcháin le Rough Magic Theatre Company idir 2003 agus 2006. Bhí sé ina Bhainisteoir Liteartha le Rough Magic roimhe sin. I measc na bhfreagrachtaí a bhí air, áiríodh saothar scríbhneoirí coimisiúnaithe a fhorbairt agus comhordú a dhéanamh ar thionscadal SEEDS, tionscnamh struchtúrtha nua-scríbhneoireachta do dhrámadóirí agus d’ealaíontóirí amharclannaíochta atá ag teacht chun cinn.
Chuir Loughlin an chéad dá eagrán de Irish Theatre Handbook, treoirleabhar cuimsitheach ar an drámaíocht agus ar an damhsa in Éirinn idir thuaidh agus theas, in eagar d’Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, agus rinne sé comhthiomsú agus eagar ar chéim an tseolta den Irish Playography Database www.irishplayography.com. Bunachar sonraí ar líne atá ann, atá cuimsitheach agus inchuardaithe, ina bhfuil sonraí ar gach dráma nua Éireannach a léiríodh go gairmiúil ó 1975 i leith.
I measc na ndrámaí atá scríofa aige, áirítear The Stomping Ground (1997) agus The Queen and Peacock (2000).