Tá 25 bliain de thaithí ag Miriam mar léiritheoir agus mar bhainisteoir ealaíon gairmiúil, ag plé le heagraíochtaí ealaíon, le féilte, le hionaid agus le himeachtaí. Chuir sí tús lena gairmréim ealaíon mar Riarthóir ar Chompántas Amharclannaíochta an Red Kettle. Léirigh sí saothar leis an gcompántas sin ar fud na hÉireann, lenar áiríodh Amharclann na Mainistreach. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Sráide Spraoi i bPort Láirge i 1993 agus bhí róil éagsúla aici le Spraoi sula ceapadh mar Stiúrthóir an Chláir le haghaidh na féile í sa bhliain 2002. Rinne sí an-chuid oibre le compántais amharclannaíocht sráide ar fud na hÉireann agus thar lear.
Ó d’fhág sí Spraoi in 2011, tá sí ag obair uaithi féin mar Bhainisteoir Sinsearach. Soláthraíonn sí treoir ealaíonta agus bainistíocht tionscadal do réimse mór eagraíochtaí, lena n-áirítear údaráis áitiúla, ar fud na hÉireann. Cathaoirleach AOIFE (Cumann na nImeachtaí Féilte Éireannacha).