Tógadh Sheila Pratschke i Luimneach agus d’fhreastail sí ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sí mar mhúinteoir in Éirinn agus san Afraic áit ar mhúin sí sna hearnálacha bunscoile agus meánscoile. Ina dhiaidh sin d’fhorbair agus sheachaid sí cúrsaí oiliúna do mhná agus bhí sí gníomhach in Ionad Éigeandála um Éigniú Phort Láirge. Tar éis di staidéar a dhéanamh mar mhac léinn aibí ar na mínealaíona agus ar bhainistiú ealaíona, d’oibrigh sí in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i nGailearaí Kerlin agus in UCD sular ceapadh mar Stiúrthóir ar Institiúid Scannán na hÉireann í i 1994. Bhí an post seo aici ar feadh seacht mbliana i rith na tréimhse a forbraíodh Barra an Teampaill mar cheathrú chultúrtha. Bhog sí chuig Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg in 2001 áit a raibh sí ina Stiúrthóir go dtí 2007. Ansin, ceapadh mar Stiúrthóir ar Centre Culturel Irlandais i bPáras í, príomhinstitiúid chultúrtha a dtacaíonn rialtais na Fraince agus na hÉireann léi. Is acmhainn uathúil í an tSean-Leabharlann do scoláirí agus do thaighdeoirí; bhronn stát na Fraince Ordre nationale du merite ar Sheila Pratschke mar aitheantas ar an méid a chuir sí leis an gcaidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire. Rinneadh Ball Onórach den RHA di in 2013.