'Welcoming a Stranger' choreographed and directed by Catherine Young, performed in Siamsa Tíre, Tralee. Photograph by Dominick WalshIn 2019, d’fhoilsíomar ár mBeartas agus ár Straitéis um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht [CCDÉ], a ceapadh le tógáil ar raon réimsí oibre reatha de chuid na Comhairle Ealaíon, lena n-áirítear beartas Ealaíon agus Míchumais, beartas um Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona, agus beartas um Dhínit ag an Obair.
Mar an ghníomhaireacht a bhfuil sé de chúram orainn na healaíona a fhorbairt in Éirinn, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cur chuige réamhghníomhach agus dírithe ag an gComhairle Ealaíon chun ceart bunúsach seo an duine a dheimhniú: a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a chónaíonn in Éirinn páirt a ghlacadh sna healaíona.
Agus an beartas Comhionannais, Cearta an Duine agus Éagsúlachta seo á fhoilsiú, táimid ag gealladh go dtabharfaimid faoi ghníomhartha sna blianta romhainn chun ár dtuiscint ar an neamhionannas sna healaíona a neartú agus chun bealaí substainteacha a fhorbairt le dul i ngleic leo.
Aithnímid go gcaithfidh ár mbeartas a bheith fite fuaite inár gcleachtas agus struchtúr institiúideach féin ón tús agus déanfaimid gach uile iarracht le cinntiú go léirítear éagsúlacht Éire na linne seo inár mbord, foireann, comhairleoirí agus painéalaithe.
Tá an éagsúlacht ina croí-luach i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon go dtí 2025, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, atá bunaithe ar mheas ar éagsúlacht i gcleachtas ealaíne, i rannpháirtíocht an phobail, agus i dtraidisiúin shóisialta agus chultúrtha. Dearbhaíonn an croí-luach sin tiomantas na heagraíochta do luach na héagsúlachta agus an meas atá aici ar an éagsúlacht.
Is féidir an beartas ina iomláine a léamh anseo Beartas agus Straitéis um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon
Naisc Úsáideacha
Déan Teagmháil Linn
I gcás fiosrúcháin i dtaca leis an mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht, déan teagmháil le Ollwen Dawe, Ceannaire Tionscadail (Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht) olwen.dawe@artscouncil.ie nó Monica Corcoran, Bainisteoir Forbartha Straitéisí: monica.corcoran@artscouncil.ie