Bhí
Maureen Kennelly ina stiúrthóir ar Éigse Éireann ó 2013 go dtí Aibreán 2020.
Roimhe sin, bhí sí ina stiúrthóir ar Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh, ina stiúrthóir ealaíne ar an Ionad Ealaíon an Mermaid, ina bainisteoir ginearálta le Compántas Amharclannaíochta Fishamble, agus d’oibrigh sí freisin le Compántas Amharclannaíochta
Druid, Féile Coiméide The Cat Laughs, an Chomhairle Ealaíon agus le Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann. Mar shaor-oibrí, d’oibrigh sí le réimse leathan eagraíochtaí, lena n-áirítear Theatre Forum, Sing Ireland, the Performance Corporation
agus Age and Opportunity. Bhí sí ina Príomhchoimeádaí le Féile Leabhar Mountains to Sea dlr agus ina Stiúrthóir Cláir le Cúirt – Féile Idirnáisiúnta Litríochta.
Bhí sí ina comhalta den phainéal breithnithe do Ghradaim Amharclannaíochta na hÉireann le The Irish Times do 2002 agus 2006 agus bhí sí ina cathaoirleach ar an bpainéal sin in 2003. Bhí sí ina comhalta boird ar Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh,
Ionad Tyrone Guthrie, Butler Gallery, Compántas Amharclannaíochta Barabbas agus Ionad Ealaíon Dock.
Ceapadh í ar Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann in 2013 agus bhí sí ina comhalta de bhord rialaithe Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ó 2014 go 2018.
D’fhás Maureen aníos i mBéal Átha Longfoirt, Co. Chiarraí agus is céimí de chuid OÉ Gaillimh agus UCD í.
Aibreán 2020