Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis RAISE a sheoladh: Treoirthionscnamh um Acmhainn Tiomsaithe Airgid a Fhorbairt. Tabharfar tacaíocht phearsanta ghairmiúil ar feadh dhá bhliain do na seacht n-eagraíocht a roghnófar trí chlár tiomsaithe airgid saincheaptha a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Gheobhaidh an tionscadal treoir ó fhoireann speisialaithe ina mbeidh an chuideachta 2into3 agus Kingsley Aikins as Networking Matters.
Seo a leanas na heagraíochtaí ealaíon atá rannpháirteach sa treoirthionscnamh RAISE:
- Institiúid Scannán na hÉireann
- An tAcadamh Ibeirneach Ríoga
- Na Píobairí Uilleann
- Féile Ealaíon na Gaillimhe
- The Model
- An Cór Aireagail Náisiúnta
- Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman
Mar chuid den phróiseas roghnaithe, beidh orthu ar fad a léiriú go bhfuil an uaillmhian, an cumas agus an tiomantas iontu níos mó ná €250,000 a thiomsú in aghaidh na bliana i bhfoirm infheistíochta príobháidí..