Tá Dámhachtain Sparánachta chlúiteach faighte ag níos mó ná 530 ealaíontóir ar fud 27 contae agus thar lear, a dúirt an Chomhairle Ealaíon. Cuideoidh na deontais d’oiread agus €20,000 le ceoltóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, rinceoirí, scannánóirí, amharc-ealaíontóirí agus ealaíontóirí eile a gcuid ealaíne a fhorbairt.
Dúirt an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt gur chuir sí go mór leis an méid a bhí le fáil sa dara babhta sparánachtaí le haghaidh 2020 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus gur spreagadh ealaíontóirí a bhíonn ag plé le cineál ealaíne ar bith agus le réimse an chleachtais ealaíon iarratas a dhéanamh. San iomlán, infheisteofar níos mó ná €7 milliún sa raon iomlán réimsí.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly, gur buaileadh ealaíontóirí go dona leis an bpaindéim agus leis na rialacháin sláinte poiblí a bhíonn ag athrú, agus nach bhfuil an chuid is mó acu in ann oibriú ná pleanáil don todhchaí.
“Táimid thar a bheith sásta i mbliana a bheith in ann Dámhachtain Sparánachta a sholáthar don oiread sin daoine. Is ábhar misnigh dom athléimneacht ár n-ealaíontóirí agus cáilíocht na n-iarratas a fuaireamar. Is léiriú soiléir é gur féidir leis na healaíona in Éirinn ról ollmhór a bheith acu de réir mar a théarnaíonn an tsochaí in 2021,” a dúirt sí.
Níos túisce i mbliana, fuair an Chomhairle Ealaíon leithdháileadh breise de €25 milliún ón Rialtas chun na héifeachtaí a bhí ag Covid-19 ar na healaíona a mhaolú. Is cuid í an Dámhachtain mhéadaithe Sparánachta de shraith deontas agus tionscnamh nua nó feabhsaithe d’ealaíontóirí aonair agus d’eagraíochtaí ealaíon araon chun tacú leis an earnáil tríd an bpaindéim.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag tairiscint sparánachtaí d’ealaíontóirí le blianta fada. Áirítear leis na daoine a fuair dámhachtain uaithi ag céim éigin dá ngairmréim Colum McCann; Marina Carr; Enda Walsh; Olwen Fouéré agus Sally Rooney.
Is é is cuspóir don dámhachtain tacú le healaíontóirí gairmiúla, ag céim ar bith dá ngairmréim, a gcleachtas ealaíon a fhorbairt. Tríd an dámhachtain, tugtar am agus acmhainní d’ealaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas ealaíne.
Is féidir le faighteoirí suas le €20,000 a fháil i bhfoirmeacha ealaíne ar leith. Ba é meánluach na ndeontas a dámhadh sa bhabhta seo €13,160.
Tá liosta iomlán na n-iarrthóirí rathúla ar fáil anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht