A chomhghleacaithe, a chairde, ar fud earnáil na n-ealaíon,
Níl aon amhras faoi ach go bhfuilim ag cur tús le mo ról ag am fíor-aisteach go deo ach thug na beannachtaí agus an fháilte a chuir foireann agus comhaltaí na Comhairle romham misneach mór dom. Gan ach coicís caite agam anseo, tá iontas mór orm faoi chomh tiomanta is atá gach duine leanúint lena gcuid oibre (a mhéid is féidir) agus an ghairmiúlacht mhaorga a mhothaím ar fud na heagraíochta agus na hearnála.
Tá a fhios agam go ndearnamar roinnt iarratas ar fhaisnéis uaibh. Tá sé fíorthábhachtach go bhfaighimis é seo ionas gur féidir linn cabhrú leis an rialtas an tuiscint is fearr ar bith a fháil ar an spreagadh a theastaíonn i gcomhair téarnaimh. Tá gach rud éiginnte faoi láthair, agus tuigim go bhfuil sé deacair aon bhreithiúnas a thabhairt ar cad a thitfidh amach ach i ndáiríre, teastaíonn bhur gcabhair leis seo, agus táimid buíoch as bhur gcabhair.
Ní haon iontas é ar ndóigh, go dtaispeántar sna suirbhéanna a rinneamar go dtí seo gur cuireadh isteach thar cuimse ar gach cineál gníomhaíochta. Fuaireamar amach go bhfuil 19,000 lá oibre íoctha caillte ag daoine agus sin díreach go dtí deireadh an Aibreáin. Caillfidh 2.4 milliún duine as an bpobal amach ar eispéiris ealaíonta. Faoi dheireadh na Bealtaine, beidh deis caillte ag 55,000 duine idir shean is óg a bheith páirteach i gceardlanna agus i ranganna. Beidh ioncam ionchais €6.4 milliún caillte ó ghníomhaíochtaí a bheidh curtha ar ceal go dtí deireadh na Bealtaine.
Bhí infheistíocht mhór ag baint leis na himeachtaí sin a phleanáil, idir infheistíocht mhothúchánach agus airgid, agus is léir an croitheadh atá bainte as daoine agus an imní atá orthu. I ngairm ina bhfuil go leor éiginnteachta mar atá sé, tá an éiginnteacht bhreise seo anuas air sin fíor-chorraitheach ar fad.
Cloisimid an port céanna arís agus arís:
‘Nílim in ann freastal ar mo stiúideo’
‘Tá imní orm faoina bhfuil i ndán do m’fhoireann’
‘Táim ag iarraidh dul os comhair lucht féachana’.
Ag cruinniú na Comhairle an tseachtain seo caite, aithníodh méid agus práinne na géarchéime agus rinneadh tiomantas soiléir go ndéanfaimid ár seacht ndícheall a chinntiú go mairfidh saol na n-ealaíon. Táthar ag éisteacht lena bhfuil le rá agaibh agus tá sibh ag cur ar chumas na Comhairle an chomhairle is fearr a thabhairt don rialtas ag an am seo.
Ach an oiread liom féin, seans go bhfuil sibh féin ag gabháil do ghlaonna Zoom na laethanta seo, agus is tuirsiúil an obair í sin. Tá gach a bhfuil tite amach agus na bealaí nua oibre ag cur brú mór ar fhuinneamh an duine. Ní mór dúinn aire a thabhairt dúinn féin agus cuimhneamh gur féidir linn a bheith ag brath ar chineáltas daoine eile agus go dteastaíonn sé sin anois níos mó ná riamh. Tá brúidiúlacht ghéar ag baint leis an mbealach nua cumarsáide seo ach tugann comrádaíocht na hearnála misneach dom.
Le cúpla lá anuas rinneadh athrú ar an bhféile Cúirt agus cuireadh cúpla seisiún ar líne ar fáil dúinn ar bhaineamar an-sult astu. Cuirfear pléisiúir Sally Rooney Normal People os ár gcomhair an tseachtain seo agus tá comharthaí den scoth ag gabháil leis seo. Agus beimid ag tnúth freisin le tionscadal samhlaíoch Amharclann na Mainistreach Dear Ireland. Meabhrú deas dúinn faoin ealaín bhreá is féidir a dhéanamh – ionas go mbeimid buíoch as a bheith beo.
Ag guí dea-shláinte oraibh go léir.
←Fill ar ais go dtí an nuacht