Tá sonraí maidir le sraith nua ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge (WHAT) a bhfuil sé mar aidhme aige tacú le folláine cleachtóirí gairmiúla na n-ealaíon in Éirinn, go háirithe mar a bhaineann sé le paindéim reatha Covid-19. Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? (Surviving or Thriving?) atá mar theideal ar an tsraith seo de phainéil plé, ceardlanna agus podchraoltaí atá oscailte d’aon duine atá ag obair i réimse na n-ealaíon in Éirinn. Beidh an tsraith ar fáil saor in aisce agus é mar aidhm aige cur le cumas teacht aniar, le muinín agus le cónascadh in earnáil na n-ealaíon. Mar chuid den chlár beidh an Dr Maureen Gaffney mar chathaoirleach ar phainéil ar a mbeidh aoichainteoirí ó réimse leathan foirmeacha ealaíne, lena n-áirítear an scríbhneoir Anne Enright, an ceoltóir Eleanor McEvoy agus an t-ealaíontóir Austin Ivers, chomh maith le ceardlanna agus acmhainní ar líne gaolmhara ina mbreathnaítear ar fhéinchúram agus ar fholláine. Mairfidh Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? ar feadh trí seachtaine ón 15 Márta go dtí an 1 Aibreán 2021, agus beidh podchraoltaí agus acmhainní eile ar líne ar fáil ina dhiaidh sin chomh maith. Beidh saorchead isteach ann, ach ní mór áiteanna a chur in áirithe.
Forbraíodh Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? mar fhreagairt ar an stop a cuireadh le go leor gníomhaíochtaí ealaíon mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19. Tá tionchar tromchúiseach gairmiúil agus pearsanta tar éis a bheith ag Covid-19 ar ealaíontóirí agus ar oibrithe ealaíon, agus tionchar struchtúrtha ollmhór ar eagraíochtaí chomh maith. Chuir ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon ó gach cuid d’earnáil na n-ealaíon réimse leathan samplaí óna saol féin den tionchar a bhí ag an bpaindéim ar a bhfolláine ar fáil don Chomhairle Ealaíon dá tuarascáil Survive, Adapt, Renew. I measc na moltaí a rinneadh sa tuarascáil bhí tiomantais do chothú cumas teacht aniar, d’uilechuimsitheacht agus d’inbhuanaitheacht san earnáil agus muid ag breathnú chun tosaigh.
Tá sé i gceist le gach cuid de Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? tacú le daoine agus iad a spreagadh, ach ag an am céanna dúshláin an tsaoil faoi láthair a aithint. Aithníodh go bhfuil go leor imeachtaí ar siúl ar líne faoi láthair agus le cinntiú go gcuirfear imeacht a bhfuil fíorluach leis ar fáil don spriocphobal ealaíontóirí gairmiúla, tá WHAT tar éis a bheith i dteagmháil le heagraíochtaí forbartha agus foirme ealaíne náisiúnta agus réigiúnacha lena saineolas agus lena dtreoir a fháil maidir leis an gclár a fhorbairt agus aoichainteoirí den scoth a fháil. Áirítear i measc na n-eagraíochtaí seo Music Network, Ealaíontóirí Radharcacha Éire, Fóram Amharclannaíochta, Words Ireland, Create, Age and Opportunity, Minding Creative Minds agus Dance Limerick.
Agus na sonraí seo á bhfógairt, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo a leanas: “Bhí an dá mhí dhéag seo caite thar a bheith deacair do dhaoine in earnáil na n-ealaíon. Chomh maith leis an cúraimí agus an imní atá orthu maidir lena muintir agus lena cairde, tá siad ag déileáil le laghdú tubaisteach gníomhaíochta agus an t-ioncam a cailleadh mar thoradh air. Coinníonn muid orainn ag tacú le daoine aonair agus le heagraíochtaí trí scéimeanna agus trí thionscnaimh éagsúla, agus tá súil againn go gcuirfidh an togra nua seo i gcomhar le WHAT tacaíocht ríthábhachtach bhreise ar fáil don ghairm iontach seo.”
Ag cur leis an méid sin, dúirt Claire Meaney, Stiúrthóir Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge, go bhfuil “ríméad ar Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge a bheith ag obair leis an gComhairle Ealaíon ar an tionscnamh tábhachtach seo chun tacú le folláine cleachtóirí gairmiúla na n-ealaíon in Éirinn. Is léir ón aiseolas dearfach atá faighte againn agus Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? á phleanáil againn go bhfuil an cineál seo tacaíochta ag teastáil. Tá muid thar a bheith buíoch do na heagraíochtaí comhlacha a thug a gcuid ama go fial flaithiúil le hoibriú linn chun clár láidir a chur i láthair a mbeidh rannpháirtithe in ann dul ag plé leis ag leibhéil éagsúla agus a dhéanfaidh, tá súil agam, croíthe a ardú agus chomh maith leis sin ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon a chothú agus a spreagadh chun a muinín a atógáil, a gcumas teacht aniar a chothú agus an grá atá acu dá gcruthaitheacht a athmhúscailt.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht