• Tabharfaidh Leabhair Pháistí Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus KPMG 6,000 leabhar mar bhronntanas do leanaí in ionaid sholáthair dhírigh, in ospidéil agus i seirbhísí do dhaoine gan dídean ar fud na hÉireann.
• Is le húdair, maisitheoirí nó foilsitheoirí Éireannacha gach ceann de na leabhair sin – ag cur borradh, a theastaigh go géar, faoi earnáil a raibh tionchar mór ag cúrsaí na bliana air.
• Tarraingítear aird ar na leabhair Éireannacha a foilsíodh do leanaí in 2020 sa treoirleabhar Books Make Things Better. Molann Leabhair Pháistí Éireann do theaghlaigh Éireannacha an treoir a úsáid chun an leabhar is oiriúnaí a aimsiú do na léitheoirí óga ina saol, agus a gcuid siopadóireachta a dhéanamh go háitiúil agus earraí Éireannacha a cheannach an Nollaig seo. Is féidir an treoirleabhar a íoslódáil anseo nó aimseoidh tú cóip i siopaí leabhar rannpháirteacha.
Mí na Nollag seo, tabharfaidh Leabhair Pháistí Éireann bronntanas léitheoireachta am luí do leanaí ar fud na hÉireann a mbeidh Nollaig chrua acu i mbliana. Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó KPMG, tabharfar 6,000 leabhar Éireannach mar bhronntanas do leanaí agus do dhaoine óga in ionaid sholáthair dhírigh, in ospidéil agus i seirbhísí do dhaoine gan dídean ar fud na tíre. Tá níos mó ná 2,100 leanbh in ionaid sholáthair dhírigh agus níos mó ná 2,500 leanbh gan dídean faoi láthair. Le cúnamh ó chomhpháirtithe carthanachta – lena n-áirítear Barnardos, Focus Ireland, Children in Hospital Ireland, agus Cumann Naomh Uinseann de Pól – tabharfar leabhair mar bhronntanas do leanaí agus do theaghlaigh timpeall na tíre ionas go mbeidh siad in ann scéal am luí a roinnt lena chéile an Nollaig seo.
Leanann an chomhpháirtíocht sin ar aghaidh ó Ghradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann KPMG ar éirigh go hiontach leo ní ba thúisce i mbliana agus rinneadh tús na comhpháirtíochta seo idir Leabhair Pháistí Éireann agus KPMG a mhairfidh trí bliana a cheiliúradh mar chuid den imeacht chomh maith.
Léiríodh i suirbhé a rinne Scottish Book Trust le déanaí gur aontaigh 92% díobh siúd a d’fhreagair é go bhfuil an léitheoireacht tábhachtach dóibh tráth a mbíonn strus nó imní orthu agus d’aontaigh 98% de dhaoine go dtacaíonn an léitheoireacht lena bhfolláine. Luaigh freagróirí gur bhain siad leas as an léitheoireacht nuair a bhí siad ina leanaí chun éalú ó chúrsaí deacra sa saol chomh maith.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sarah Bannan, Ceann Litríochta ag an gComhairle Ealaíon:
‘Aithníonn an Chomhairle Ealaíon go bhfuil scríbhneoirí agus maisitheoirí i gcroílár na litríochta do leanaí. Tuigimid go dtugtar draíocht na leabhar chun beatha nuair a osclaítear iad agus nuair a léitear agus a roinntear iad. Cé go raibh an bhliain seo an-deacair ar neart daoine, is féidir faoiseamh, sonas nó dearcthaí nua a aimsiú i leabhair i gcónaí. Tá ár dtacaíocht choiteann tuillte ag scríbhneoirí, maisitheoirí agus foilsitheoirí ionas go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh ag léamh agus sult a bhaint as an aoibhneas a bhaineann le leabhair agus an léitheoireacht. Dar linn, níl sárú taitnimh le tairiscint ort an geimhreadh seo ná an treoir iontach seo, mar aon leis na leabhair iontacha atá le fáil inti’.
Dúirt Elaina Ryan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Leabhair Pháistí Éireann:
‘Tá leanaí ar fud na hÉireann nach bhfuil leabhar ar bith acu, b’fhéidir nach bhfuil cultúr léitheoireachta acu sa bhaile nó tá seans ann go dteastaíonn ardú croí uathu mar thoradh ar chruatan ina saol. Tuigimid gur féidir le leabhair cúrsaí a dhéanamh níos fearr agus níos gile do na leanaí sin trí aoibhneas na léitheoireachta a roinnt leis na leanaí sin a bhfuil an gá is mó léi.’
Dúirt Seamus Hand, Comhpháirtí Bainistithe KPMG:
‘Ba cheart go mbeadh deis ag gach leanbh leabhar a léamh, leabhair nua a aimsiú agus sult a bhaint as an léitheoireacht agus taithí a fháil ar an draíocht agus aoibhneas a bhaineann le leabhair. Is údar bróid dúinn anseo ag KPMG gach a dhéanaimid chun litearthacht agus oideachas leanaí a chur chun cinn. Mar sin, tá lúcháir orainn tacú leis an tionscnamh iontach seo, ag tabhairt iontas na leabhar do leanaí i gcruatan ar fud na hÉireann an geimhreadh seo.’
←Fill ar ais go dtí an nuacht