Gheall an Chomhairle Ealaíon agus Gaillimh 2020 oibriú go dlúth le chéile, chun deiseanna nua d’ealaíontóirí a chinntiú chun saothar iontach a tháirgeadh do níos mó daoine, agus oidhreacht mharthanach a thógáil don chlár cultúrtha bliana.
Agus ‘Meabhrán Tuisceana’ á fhoilsiú an tseachtain seo, dúirt gníomhaireacht an rialtais chun na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa le haghaidh 2020 gur roinn siad go leor spriocanna agus leag siad amach níos mó ná dosaen réimse ina bhféadfaí comhoibriú díreach a dhéanamh. Dúirt siad go seachnóidís ‘maoiniú dúblach’ agus ina ionad sin go ndéanfaidís iarracht tionchar na dtionscadal ealaíon a uasmhéadú trí chomhoibriú.
“Tá an comhaontú seo suntasach mar go dtabharfar níos mó deiseanna d’ealaíontóirí chun tionscadail nua a fhorbairt in 2020, beidh lucht féachana nua do na – agus rannpháirtithe sna – healaíona, agus beidh tionchar marthanach aige ar an dreach ealaíon iomlán in Éirinn agus go hidirnáisiúnta,” a deir an Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Phríomhchathair Chultúir na hEorpa Gaillimh 2020, Patricia Philbin: “Beidh Gaillimh ina príomhchathair chultúrtha ar an Eoraip an bhliain seo chugainn agus tá sé mar uaillmhian againn a thaispeáint d’Éirinn, don Eoraip agus don domhan an saineolas cultúrtha agus ealaíonta iontach atá ag Gaillimh. Is mian linn a chinntiú go mbeidh oidhreacht mharthanach ann a rachaidh chun tairbhe na Gaillimhe agus na n-ealaíon agus na cleachtóirí agus lucht féachana cultúrtha atá ann do na blianta atá le teacht. Léiriú soiléir atá i gcomhoibrithe cosúil leis seo leis an gComhairle Ealaíon den chaoi a bhfuil sé seo á bhaint amach againn.”
Dúirt an Chomhairle Ealaíon go reáchtálfadh sí sraith imeachtaí i nGaillimh i rith 2020, lena n-áirítear a cruinniú Iomlánaíoch Samhraidh; fógairt Laureate na nÓg 2020; ceiliúradh Scoileanna Ildánacha; agus tionscnamh Comhionannais, Chearta an Duine agus Éagsúlachta.
Dúirt Gaillimh 2020 go bhfuil siad ag súil le leanúint ag obair go dlúth leis an gComhairle Ealaíon chun an deis seo a thapú mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa ar mhaithe le saol cultúrtha na hÉireann.
←Fill ar ais go dtí an nuacht