Tá na cuspóirí ag
teacht le go leor de na cuspóirí i straitéis 10 mbliana na Comhairle Ealaíon
Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh
Tionscadal le tacaíocht ón Eoraip Chruthaitheach
is ea an Clár Comhpháirtíochta sna hEalaíona Comhpháirteacha, a dtacaíonn an
Chomhairle Ealaíon leis chomh maith. Fuair CAPP deontas díreach os cionn €1.4
milliún in 2015, a léiríonn an deontas cultúir aonair is mó san AE a bronnadh
ar thionscadal Éireannach. Is é sprioc fhoriomlán CAPP deiseanna d’ealaíontóirí
atá ag obair ar bhonn comhoibríoch ar fud na hEorpa a fheabhsú agus a chur ar
fháil, trí shoghluaisteacht agus malartú a fheabhsú agus ag an am céanna pobail
agus lucht féachana/éisteachta nua a mhealladh do chleachtais chomhoibríocha.
“Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon agus tá luach
aici ar an gcleachtas agus comhoibriú idirnáisiúnta, mar sin tá luach na hEorpa
Cruthaithí le heagraíochtaí ealaíon, cultúr agus oidhreacht na hÉireann
ollmhór. Tagann cuspóirí an chláir, an Eoraip Chruthaitheach le go leor de na
cuspóirí i straitéis 10 mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a
Tháirgeadh lena n-áirítear cleachtas agus caidrimh idirnáisiúnta, ag tacú le
bearta agus tionscnaimh um rannpháirtíocht phoiblí agus cumas laistigh den
earnáil a fhorbairt,” a deir Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon.
Is é an Eoraip Chruthaitheach clár maoinithe an
Aontais Eorpaigh chun na hearnálacha closamhairc, cultúrtha agus cruthaitheacha
ar fud na hEorpa a thacú agus a láidriú. Cuirfidh sé maoiniú €1.46 billiún ar
fáil thar seacht mbliana. Cuirfidh an maoiniú seo deiseanna ilchomhoibrithe,
líonraithe agus malartaithe ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha agus d’oibreoirí
cultúrtha i ngach foirm, cleachtas agus comhthéacs ealaíne.
Tá sé i gceist go n-úsáidfí maoiniú an chláir, an
Eoraip Chruthaitheach:
Le tacú le cumas na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheacha oibriú go
trasnáisiúnta chun rochtain a fháil ar níos mó deiseanna i gcomhair forbairt
ghairmiúil, foghlama agus cleachtas comhroinnte
Chun rochtain ar shaothair chultúrtha na Eorpa a fheabhsú agus a
síneadh le lucht féachana nua a fhadú le tacú le cultúr inrochtana agus
cuimsitheach
Le cur le nuálaíocht agus cruthaitheacht agus le cuidiú leis a
hearnálacha deiseanna a ghlacadh a bhaineann leis na teicneolaíochtaí
digiteacha nua agus chun múnlaí nua gnó a thástáil.
Tá an Chomhairle Ealaíon ina óstach fadtéarmach
de Dheasc na hEorpa Cruthaithí Éireann – Oifig Cultúir. Is é feidhm na hOifige
Cultúir an maoiniú atá ar fáil faoin Eoraip Chruthaitheach ag leibhéal áitiúil,
réigiúnach agus náisiúnta a chur chun cinn agus cuidiú le heagraíochtaí ealaíon
agus cultúir Éireannacha chun comhpháirtithe Eorpacha a aimsiú, tograí a
fhorbairt agus iarratais a dhéanamh faoin Eoraip Chruthaitheach ar deireadh.
“Creideann an Chomhairle Ealaíon go bhfuil
comhpháirtíochtaí, comhoibrithe agus malartú lárnach i saothar na
n-ealaíontóirí agus na n-eagraíochtaí ealaíon a dtacaímid leo agus aithnímid a
luach intreach sa bhaile agus thar lear. Tá traidisiún fada ag eagraíochtaí
ealaíon na hÉireann de shaothar idirnáisiúnta a chur ar ardán agus ar
taispeáint in Éirinn, agus saothar Éireannach a chur ar ardán agus ar
taispeáint san Eoraip agus ar fud an domhain.”
Lean an tUasal McBride uirthi “Tá imní i bpobal
na n-ealaíon faoin tionchar a d‘fhéadfadh a bheith ag Imeacht na Breataine as
an AE ar na healaíona agus ar an gcultúr, nuair a tharlóidh an cúngú
dosheachanta ar chlár maoinithe, an Eoraip Chruthaitheach nuair a stopann
fóirdheontais na RA”. D’éiligh sí ar an Rialtas stocaireacht a dhéanamh
chun “cultúr a chur i gcroílár na n-iarrachtaí an Eoraip a aontú agus
ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-éagsúlacht chultúrtha ar fud na hEorpa” trí
chaiteachas an AE sa réimse a mhéadú. Deir sí chomh maith “Tá neamhchinnteacht
mhór ann d'earnáil na n-ealaíon mar gheall ar Brexit i raon réimsí cosúil le
tionchar luainithe airgeadra, tionchar a bheadh ag teorainn ar an Scéim
Camchuairte Thuaidh-Theas agus comhoibriú, impleachtaí CBL, Cánachas, Cosaint
Sonraí, gan ach roinnt bheag a lua. Tá dúshláin mhóra roimh earnáil na
n-ealaíon i gcomhthéacs Brexit agus is é ról na Comhairle Ealaíon na dúshláin
seo a chur ina luí ar an Rialtas”.
←Fill ar ais go dtí an nuacht