Beidh rochtain ag beagnach 700 amharc-ealaíontóir timpeall na tíre ar spás agus ar threalamh le cuidiú leo saothar a dhéanamh in 2018, a dúirt an Chomhairle Ealaíon inniu.
Ag tabhairt breac-chuntas ar na cinntí faoi Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí, deir an ghníomhaireacht chun na healaíona a fhorbairt go bhfaighidh stiúideonna i gCorcaigh, i Luimneach, i Maigh Eo, i nGaillimh, i Lú agus i gCill Mhantáin deontais luach €221,000 ar an iomlán chun na saoráidí a chothabháil; rud atá ríthábhachtach d’ealaíontóirí.
“Tacaíonn Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí le ceann de na riachtanais bhonneagair is ríthábhachtaí d’ealaíontóirí in Éirinn,” a deir Claire Doyle, Ceann na nAmharc-ealaíon ag an gComhairle Ealaíon. “Is é an saothar a chruthaítear sna spásanna seo an saothar a mbaineann an pobal sult as i ndánlanna ar fud na tíre.”
Tá deontais suas le €40,000 ar a mhéad á dtairiscint sa Scéim i dtreo chostais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí, agus téann an tacaíocht díreach chuig na stiúideonna a bhunaíonn agus a threoraíonn ealaíontóirí cleachtacha, ag cuidiú leo rochtain a fháil ar spás agus ar threalamh chun a gcleachtas a fhorbairt agus a saothar a léiriú.
I gcomhréir le doiciméad beartais na Comhairle Ealaíon, Visual Artists’ Workspaces in Ireland – A New Approach, tá sé mar aidhm leis an scéim seo cabhrú le spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí atá i mbun oibre agus, más féidir, leibhéal fóirdheontais a chumasú d’amharc-ealaíontóirí cónaitheacha.
Tugadh maoiniú do 19 stiúideo/spás oibre ar an iomlán lena gcuirtear saoráidí oibre ar fáil do 676 ealaíontóir aonair. Déanann Ealaíontóirí Radharcacha Éire an scéim a riar ar son na Comhairle Ealaíon.
Dámhachtainí 2018
- Cork Artists Collective,Corcaigh €10,000
- Pallas Projects/Studios,Baile Átha Cliath €22,000
- Spacecraft,Luimneach €2,000
- A4 Sounds,Baile Átha Cliath €15,000
- MART,Baile Átha Cliath €25,000
- Custom House Studio, Maigh Eo €15,000
- Ormond Studios,Baile Átha Cliath €8,000
- Engage Art Studios,Gaillimh €13,000
- New Art Studio,Baile Átha Cliath €10,000
- Mayfield Arts Centre,Corcaigh €2,000
- Backwater Artists Group,Corcaigh €30,000
- Artspace Studios ,Gaillimh €24,000
- Over The Line Studios,Corcaigh €4,000
- BLOCK T,Baile Átha Cliath €4,000
- Outpost Studios,Cill Mhantáin €6,000
- Sample-Studios,Corcaigh €20,000
- Galway Print Studio,Gaillimh €6,000
- The Darkroom,Baile Átha Cliath €3,000
- Creative Spark Print Studio,Lú €2,000
←Fill ar ais go dtí an nuacht