Bhuail an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, T.D., leis an gComhairle Ealaíon tráthnóna Dé Céadaoin seo ag oifigí na Comhairle i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Ba é sin an chéad uair a bhí Iníon Humphreys in ionad na Comhairle agus chuir an Cathaoirleach, Sheila Pratschke, agus an Stiúrthóir, Orlaith McBride, fáilte roimpi nuair a tháinig sí. Cuireadh an Chomhairle Ealaíon ar bun sa bhliain 1951. Is í an Chomhairle gníomhaireacht Rialtas na hÉireann i gcomhair mhaoiniú agus fhorbairt na n-ealaíon.
Cuireadh an tAire Humphreys ar an eolas faoi obair na Comhairle Ealaíon le linn a cuairte. Labhair baill den Chomhairle faoina thábhachtaí atá na healaíona i saol ár saoránach go léir, faoin ngá atá le breis acmhainní d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon agus faoin bpríomhról sóisialta, oideachasúil agus geilleagrach atá ag na healaíona in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Rinneadh plé freisin ag an gcruinniú ar Éirinn 2016 – clár an Rialtais chun 1916 a chomóradh lena n-áirítear réimse mórthionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon. Chuir an Chomhairle buiséad €1 mhilliún ar fáil an mhí seo a chuaigh thart i ‘ngairm oscailte’ d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon faoi choinne tionscadail náisiúnta uaillmhianacha. Cuireadh deireadh le glacadh na n-iarratas ar na tionscadail an tráthnóna seo. Mhaígh an tAire agus an Chomhairle go raibh uchtach acu cheana féin de bharr líon na n-iarratas a fuair siad go dtí seo – cuireadh os cionn 300 I measc na dtionscadal eile arna n-eagrú mar chuid de Chlár 2016 na Comhairle Ealaíon tá imeacht córúil náisiúnta i gcomhpháirtíocht le RTÉ, sraith sparánachtaí speisialta d’ealaíontóirí agus clár camchuairte.
Arsa an tAire Humphreys: “Tá lúcháir orm breith ar an bhfaill seo chun bualadh leis an gComhairle Ealaíon, agus go háirithe chun tosaíochtaí na Comhairle a phlé agus sinn ag druidim le comóradh 2016. Tá an Chomhairle Ealaíon ina cuid lárnach de phleananna an Rialtais i leith Éire 2016. Tá sceitimíní ar leith orm faoi ‘ghairm oscailte’ na Comhairle faoi choinne mórthionscadail ealaíne. Tá an dúrud tallann ealaíonta le fáil in Éirinn agus creidim go bhfuil an-chumas ann tionscadail ealaíon a chruthú a mbeidh an tír uile ag caint fúthu agus a thabharfaidh ómós bríoch d’Éirí Amach 1916.”
Dúirt Sheila Pratschke: “Bhuaileamar leis an Aire go gairid i ndiaidh a ceapacháin ach ba é seo ár gcéad chruinniú foirmiúil chun aird a tharraingt ar na deiseanna atá ann chun maoiniú agus forbairt bhreise a dhéanamh ar na healaíona, agus go háirithe chun Éire 2016 agus an ról ríthábhachtach a bheidh ag an gComhairle Ealaíon sa chlár a phlé. Táimid ag tnúth le bheith ag comhoibriú leis an Aire sna míonna amach romhainn.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht