Tar éis do Chomhairle Chontae na hIarmhí i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon cónaitheacht scríbhneora John Broderick a fhógairt le déanaí, fógraíodh an file Annemarie Ní Churreáin mar an chéad fhaighteoir.
File as Iarthuaisceart Dhún na nGall is ea Ní Churreáin a bhfuil cáil bainte amach aice le déanaí as a céad fhoilseachán Bloodroot a ndearna Doireann Ní Ghríofa cur síos air mar ‘Sármhaith. I measc na gcéad bhailiúchán is láidre le deich mbliana”.
Glacfaidh Ní Churreáin an chónaitheacht i mBaile Átha Luain i bhfómhar 2018 agus tarraingeoidh sí ó théamaí i saothair Broderick, go háirithe maidir le ceist an ‘choimhthigh’. Tá sé i gceist ag Ní Churreáin oibriú le scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus le grúpaí óige sa pobal áitiúil. Úsáidfidh sí an t-am freisin le hobair a dhéanamh ar a bailiúchán nua Earthworks, ag tarraingt ar bhéaloideas agus stair áitiúil cosúil le Cnoc Uisneach agus taifid oidhreachta agus seandálaíochta eile.
Ag an bhfógra faoin gcónaitheacht, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Is é an ról atá ag an gComhairle Ealaíon ár dtacaíocht a thabhairt, ní hamháin le déanamh ealaíne ach chun an méid bealaí agus is féidir a oscailt don ealaíontóir chun pobal a aimsiú, agus chun pobail a chumasú le taitneamh a bhaint as saothar an ealaíontóra.
Tá rud éigin iontach faoin tiomnacht seo agus tugann sé ardú croí dúinn, an ceangal seo ó ealaíontóir amháin go healaíontóir eile. Feictear domsa go bhfuil sé an-fhlaithiúil freisin mar chomhartha samhlaíoch, comhartha cineáltais, a rinneadh ar son na healaíne agus a tugadh do strainséir anaithnid. Agus níos mó ná sin, is comhartha flaithiúlachta atá ann do bhaile agus d’áit a bhí gar dá chroí.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht