Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon go mór leis an scríbhneoir Anna Burns mar go bhfuil a hainm ar an ngearrliosta do dhuais chlúiteach Man Booker.
Is é “Milkman” saothar an údair Anna Burns, atá ag cur fúithi i mBéal Feirste. Chuaigh an saothar i bhfeidhm go mór ar Eoin McNamee a deir go bhfuil sé ‘draíochtach, greannmhar, géar’ agus dar le Claire Kilroy go bhfuil sé ‘úr, greannmhar, fíorchasta agus sainiúil speisialta.’
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Seo tréimhse an-bhríomhar ar fad do chúrsaí ficsean próis na hÉireann agus tá ríméad orm go bhfuil Anna Burns ar ghearrliosta don duais Booker. Bíodh sé trínár dtacaíocht do sparánachtaí nó do dhaoine aonair, nó an maoiniú a dhéanaimid ar phreas agus ar iriseáin liteartha neamhspleácha, tá beartas agus straitéis na Comhairle Ealaíon i gcomhair na litríochta dírithe go daingean ar scríbhneoirí agus ar na riachtanais atá acu. Oibríonn an Chomhairle Ealaíon gan staonadh chun go mbeidh an deis is fearr ag scríbhneoirí saothar den scoth a chruthú, agus is breá an rud é go n-aithníonn moltóirí dhuais Booker neart litríocht na hÉireann.’
←Fill ar ais go dtí an nuacht