Is méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an scannánóra agus chomhalta Aosdána, David Shaw-Smith.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus é ag labhairt inniu: “Ba scannánóir faisnéise mór le rá é David Shaw-Smith a d’fhág taifead saibhir, luachmhar ar thraidisiúin cheardaíochta na hÉireann ina shaothair faisnéise aonair, a bhfuil an tsraith cháiliúil Hands le haghaidh RTÉ san áireamh ann.
Rugadh David Shaw-Smith i mBaile Átha Cliath ar an 20 Eanáir 1939. Cuireadh oideachas air i mBaile Átha Cliath agus in Albain, agus chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe sular fhill sé ar Éirinn in 1961 chun dul i mbun oibre sa rannóg nuaghinte teilifíse de chuid RTÉ.
Ó 1970 ar aghaidh, chaith sé formhór a ghairme beatha ag obair mar scannánóir neamhspleách faisnéise, agus léirigh sé níos mó ná 138 clár faisnéise teilifíse, lena n-áirítear an tsraith ‘Hands’, inar pléadh ceardaíocht thraidisiúnta na hÉireann fud fad na tíre agus cúige Uladh san áireamh, le haghaidh RTÉ. Coinníodh a chuid scannán i roinnt mhaith bailiúchán de chuid an American Museum of Broadcasting, agus an Museum of Modern Art i Nua-Eabhrac.
In 1984, d’fhoilsigh sé an leabhar grianghraf Ireland’s Traditional Crafts, a leasaigh sé trí thaighde pobail a dhéanamh ar fud na tíre agus le grianghraif úra le haghaidh eagráin nua a foilsíodh in 2003. Bhí suíochán aige ar bhord Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann ó 1987 go 2002 nuair a rinne sé an cinneadh éirí aisti.
Bhunaigh sé Ceárta Inneona, an chéad scoil don ghaibhneacht dhubh in Éirinn, le cabhair ó go leor daoine aonair a bhí ag déanamh ionadaíochta ar Thuaisceart Éireann agus ar Phoblacht na hÉireann agus bhí sé ina chathaoirleach uirthi go dtí le gairid.
I measc na nduaiseanna a bronnadh air, tá Special Jury Selection ag an Los Angeles International Film Festival (1993), Jacob’s Television Critics Award (1986), Golden Harp Award (1984) agus dochtúireacht oinigh ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1987). Fuair sé maoiniú ón gComhairle Oidhreachta le Cartlann Oidhreachta Closamhairc na hÉireann a chruthú in 2005.
I measc na dtionscadal clár faisnéise a craoladh ar RTÉ le déanaí, tá Sign Magic (2006) atá bunaithe ar an litritheoir Tomás Tuipeár, clár uair an chloig ar an gceirmeoir John ffrench (2007), ar bronnadh ‘Document of the Arts Award’ air, agus Cots and Cotsmen, clár faisnéise ar bháid thraidisiúnta iascaireachta na hÉireann.
←Fill ar ais go dtí an nuacht