Chuir an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an scéala inniu go bhfuil Píopaireacht Uilleann inscríofa ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tugann an Chomhairle Ealaíon aitheantas do Na Píobairí Uilleann agus tréaslaíonn sí leo as an sárobair atá déanta acu chun eolas, feasacht agus taitneamhacht na píopaireachta uilleann a thabhairt chomh fada leis an stáitse domhanda.
Aithnítear na píopaí uilleann ar fud an domhain mar ghuth speisialta na hÉireann agus nuair a bheidh aitheantas ag traidisiún na píopaireachta uilleann mar oidhreacht dhomhanda beidh daoine in ann taitneamh mór a bhaint as, agus beidh eolas agus feasacht ann maidir le déanamh agus seinm na bpíob uilleann mar aon leis an stór breá ceoil a bhaineann leis an uirlis.
Is deis é stair chultúrtha na bpíob uilleann a roinnt le traidisiúin eile ar fud na cruinne mar aon leis an teacht aniar a bhí in ealaíontóirí agus i bpobail in Éirinn roimhe seo. Tugann ainmniúchán UNESCO deis iontach freisin chun foghlaim faoi thraidisiúin eile ar fud na cruinne agus féachaint orthu agus na modhanna a úsáidtear chun cleachtais ealaíon traidisiúnta a sheoladh a roinnt le chéile, rudaí atá fréamhaithe anseo in Éirinn i gcruthaitheacht na n-ealaíontóirí aonair agus sa luach a chuireann ealaíontóirí agus pobail ar rannpháirtíocht ealaíonta.”
Nuair a bhunaigh píobairí na Píobairí Uilleann i 1968 bhí meath tagtha ar líon na seinnteoirí ag an am agus bhí níos lú ná cúigear ag déanamh na huirlise faoin tráth sin. Tá ballraíocht 1130 duine i 40 tír ag na Píobairí Uilleann inniu. Cruthaíonn sé sin rochtain agus deis foghlama agus cothaíonn sé léirithe den scoth agus bítear in ann an traidisiún a choimeád beo dá réir. Chuidigh bunú PipCraft, an tsaoráid déanamh píob agus clár oiliúna go mór le ceird na píobaireachta agus le forbairt dhéanamh píob, rud a chuireann uirlisí ar fáil ansin d’fhoghlaimeoirí agus d’ealaíontóirí, agus iad ag obair le go leor comhpháirtithe, cosúil le Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid chun deiseanna a fhorbairt le haghaidh cheird dhéanamh na bpíob agus na píobaireachta féin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht