Tá athbhreithniú straitéiseach, neamhspleách á choimisiúnú ag an gComhairle Ealaíon agus ag an rialtas áitiúil ar líonra ionad agus ionad ealaíon ar fud na tíre.
Díreofar san athbhreithniú ar an mbonneagar d’ionaid ealaíon agus d’ionaid ar fud na hÉireann, is é sin foirgnimh ealaíon a bhainistítear go gairmiúil agus atá ar oscailt don phobal i gcaitheamh na bliana. Is é seo an chéad uair a dhéanfar athbhreithniú den sórt sin ó bunaíodh an chéad ionad ealaíon (Ionad Ealaíon Project i mBaile Átha Cliath) in 1966. Tógadh líonra náisiúnta d’ionaid ar leis an údarás áitiúil iad den chuid is mó mar thoradh ar thrí cinn de chláir chaipitiúla tógála (CDIS, Access I agus Access II) ó na 1990idí i leith.
Shínigh Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach – an líonra bainistíochta rialtais áitiúil ina bhfuil na príomhfheidhmeannaigh – agus an Chomhairle Ealaíon comhaontú in 2016 dar teideal Creatlach don Chomhoibriú, 2016-2025. Tá achoimre sa chomhaontú ar na tosaíochtaí coiteanna atá ag an dá eagraíocht ó thaobh na n ealaíon de: aithnítear an t-athbhreithniú seo mar thosaíocht choiteann.
An aidhm atá ann straitéis chomhordaithe spáis a fhorbairt chun bonneagar tógtha do na healaíona a thacú agus a fhorbairt. Faoin athbhreithniú, soláthrófar staidéar bunaithe ar fhianaise don Chomhairle Ealaíon agus don Rialtas Áitiúil araon ar ar féidir leo réasúnaíocht bheartais a fhorbairt maidir leis an gcaoi agus leis an bhfáth a bhforbraítear ionaid ealaíon, a dtacaítear leo agus a maoinítear iad as seo amach. Tá sé beartaithe go bhféachfar san athbhreithniú ar an mbonneagar ealaíon tógtha ó dhearcthaí éagsúla amhail an phleanáil spásúil, rialachas, clársceidealú, rannpháirtíocht an phobail, agus tacaíocht d’ealaíontóirí. Ionchorprófar céim chomhairliúcháin sa staidéar seo agus beidh deis ag na páirtithe leasmhara ar fad páirt a ghlacadh.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Saothar tábhachtach é seo i gcomhar leis na húdaráis áitiúla is comhpháirtithe linn, agus táimid ag obair leo chun tacú leis na healaíona in Éirinn agus chun iad a fhorbairt ar feadh na mblianta amach romhainn. Moil ríthábhachtacha is ea iad ionaid ealaíon agus ionaid do rannpháirtíocht an phobail agus d’ealaíontóirí araon, agus chun saothar a chruthú agus a chur i láthair. Féachfar san athbhreithniú ar ról na n-ionad ealaíon i soláthar na n-ealaíon, agus ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le soláthar d’eispéiris ealaíon agus leis na heispéiris sin a ghiniúint do na pobail ar a bhfreastalaíonn siad.”
Dúirt Anna Marie Delaney, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí agus Cathaoirleach ar an gCoiste Eacnamaíoch, Fiontair, Pobail agus Cultúir de chuid CCMA: “Tá sé tráthúil go maith go bhfuil an rialtas áitiúil ag déanamh a mhachnaimh ar an obair sin i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon chun tionchar náisiúnta na n-ionad ealaíon a shainaithint agus tá sé tábhachtach go dtuigeann an dá eagraíocht conas ba cheart dúinn tacaíocht a chur ar fáil do na hionaid sin amach anseo. Creidimid beirt gur féidir linn a bheith níos éifeachtaí ach tarraingt le chéile, tá éiteas pobail againn atá bunaithe ar an saoránach, agus tá cóimheas againn ar shainchúraim agus ar mhisean an dá eagraíocht, ar cúraimí iad atá éagsúil lena chéile ach a bhfuil ceangal eatarthu. Tá sé sonraithe againn go bhfuil sé i gceist againn barr feabhais a chur ar ár n-infheistíocht chomhroinnte sna healaíona ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus a chinntiú go bhfuilimid ag cur acmhainní ag obair ar an mbealach is cothroime agus is éifeachtaí.”
Tá an tairiscint don athbhreithniú neamhspleách seo á fógairt ar etenders i láthair na huaire. Tá tairiscintí á lorg ó sholáthraithe seirbhíse aonair atá cáilithe go cuí nó ó chuibhreannais nó comhpháirtíochtaí soláthraithe seirbhíse. Is é an 1 Samhain 2017 an spriocdháta.
←Fill ar ais go dtí an nuacht