Beidh paisinéirí in ann amharc ar na saothair amharc-ealaíon lena súile féin sula dtaistealaíonn siad.
Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuiltear ag tabhairt saothair óna Bailiúchán d’ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann d’Aerfort na Sionainne atá ar cheann de na haerfoirt is gnóthaí in Éirinn agus atá ina gheata tairsí ar Iarthar na tíre.
Ó mhí an Mhárta ar aghaidh beidh paisinéirí a thaistealaíonn trí Aerfort na Sionainne in ann breathnú ar shaothair amharc-ealaíon ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon lena súile féin sula dtaistealaíonn siad. Roghnaigh foireann na Comhairle Ealaíon na saothair le cúnamh ó fhoireann Aerfort na Sionainne chun léargas a thabhairt ar scoth na saothar a rinneadh in Iarthar na hÉireann, chomh maith le nádúr fadbhreathnaitheach idirnáisiúnta amharc-ealaíon comhaimseartha na hÉireann.
Ar fheiceáil na saothar seo do na taistealaithe, a bheidh ar taispeáint i dtimpeallacht ghnóthach an aerfoirt, gheobhaidh siad a scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh ar sárchaighdeán amharc-ealaíon na hÉireann lena súile féin sula dtéann siad ar eitilt.
I measc na n-ealaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint tá Anita Groener, Charles Harper, Clare Langan, Dolores Lyne, Anne Madden, Eoin McHugh, Seán McSweeney agus Richard Mosse.
Tá an tionscnamh ón gComhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as forbairt na n-ealaíon, mar chuid de chlár leanúnach taispeántas, iasachtaí agus tionscadal a thacaíonn le healaíontóirí agus le rannpháirtíocht an phobail sna healaíona, de réir mar atá leagtha amach ina straitéis deich mbliana (Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú).
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Is deis iontach é seo don Chomhairle Ealaíon roinnt de na saothair óna bailiúchán a chur ar fáil do thart ar dhá mhilliún duine as an bpobal a thaistealaíonn trí Aerfort na Sionainne. Taispeánfar sármhaitheas amharc-ealaíon na hÉireann do phaisinéirí idirnáisiúnta agus cuirfear na healaíontóirí faoi bhráid lucht féachana nua ó gach cearn den domhan mar thoradh ar an iasacht seo.”
Agus é ag labhairt faoin taispeántas, dúirt Andrew Murphy Stiúrthóir Bainistíochta, Aerfort na Sionainne, atá mar chuid den chuideachta Shannon Group, an méid seo a leanas; “Is cúis áthais dúinn dul i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus saothair óna bailiúchán d’ealaín Éireannach a chur ar taispeáint anseo in Aerfort na Sionainne. Is é an rud is tábhachtaí dúinn anseo in Aerfort na Sionainne spás pobail atá fáilteach a chruthú san aerfort, agus is deis uathúil é seo dul i ngleic leis an bpobal agus ealaín na hÉireann a chur chun cinn.”
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,100 pictiúr, dealbh agus saothar eile ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic agus taitneamh a bhaint as an ealaín lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: artscouncil.emuseum.com
←Fill ar ais go dtí an nuacht