Dúirt Sheila Pratschke, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is trua leis an gComhairle go mór bás Barrie Cooke. Bhí clú agus cáil air ar fud an domhain mar ealaíontóir agus bhí cónaí air in Éirinn. Mórphéintéir eispriseanachais ba ea é i dtús báire agus é ag plé le cúrsaí daonna agus le gnéasacht. Le 20 bliain anuas, dhírigh a chuid oibre ar an gcomhshaol. Chomhoibrigh sé le pearsana mór le rá, lena n-áirítear Séamus Heaney agus Ted Hughes nach maireann. Bhí sé ar dhuine de na daoine ba shéimhe a chasfaí ort agus cronófar go mór é."
Tháinig Barrie ar an saol i Cheshire, Sasana sa bhliain 1931. Chaith sé seal in Iamáice agus i mBeirmiúda nuair a bhí sé óg. Bhog sé go na Stáit Aontaithe nuair a bhí sé ina dhéagóir, áit a ndearna sé staidéar ar stair na healaíne in Ollscoil Harvard. Reáchtáil sé a chéad taispeántas aonair i Nua-Eabhrac sa bhliain 1950. Bhog sé go hÉirinn i 1954 agus fuair sé scoláireacht chun staidéar a dhéanamh le Oskar Kokoschka i Salzburg an bhliain dár gcionn i 1955. Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn ag an Biennale de Paris sa bhliain 1963. Cé go raibh sé bunaithe in Éirinn ó na 1950í ar aghaidh, ba mhinic a thaistil sé chuig áiteanna ar nós na Laplainne, na Nua-Shéalainne, Bhoirneo agus an Mhalae agus ba mhór an tionchar a bhí aige sin ar a chuid péintéireacht leath-theibí eispriseanachais maidir le héagsúlacht agus le sreabhadh an dúlra. Sa mhullach ar a chuid pictiúr, chruthaigh sé sraith ‘boscaí cnáimhe’ i bpeirspéacs le linn na 1970í. Cuireadh iad sin ar taispeáint i gCaisleán Chill Chainnigh sa bhliain 1981. Chuir sé a shaothar ar taispeáint in áiteanna iomadúla san Eoraip, i Meiriceá agus i gCeanada. I measc na dtaispeántas mór bhí seónna i nDánlann Dhubhghlais de hÍde (1986), Gemeentemuseum Den Haag, an Háig (1992) agus LAC, Perpignan, an Fhrainc (1995). Tá saothar dá chuid á choimeád in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, in Iarsmalann Uladh, in Iarsmalann Stedelijk, Amstardam agus i mbailiúcháin eile ar fud an domhain. Bhuaigh sé Dámhachtain Marten Toonder sa bhliain 1988 agus Dámhachtain Uí Mháille de chuid na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí in 2002. Ar na taispeántais a bhí aige le deireanas bhí ceann i nDánlann an Bhuitléaraigh, Cill Chainnigh (2009), Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (2008), Iarsmalann Iziko, Cape Town (2007) agus Dánlann Ealaíon agus Chnuasach Uí Nialláin, Sligeach (2002). In 2011, reáchtáladh taispeántas ar a chuid saothar in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom ceithre scór bliain a lá breithe.
←Fill ar ais go dtí an nuacht