Tá an taithí ar an eisimirce in Éirinn, na mná a bhí mar oibrithe muinisean sa Chéad Chogadh Domhanda, fiosracht leanaí sa dúlra, agus damhsa i rith na paindéime i measc an 94 coimisiún nua a d’fhógair an Chomhairle Ealaíon an tseachtain seo.
Ciallaíonn an infheistíocht ar fiú €1.3 milliún í ar fud 20 contae, go n-oibreoidh ealaíontóirí i gcomhpháirt le heagraíochtaí ealaíon chun saothar nua a chruthú do dhaoine i ngach réigiún den tír agus thar lear.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Maureen Kennelly go bhfuair an ghníomhaireacht spreagadh ón bhfreagra a tháinig ó ealaíontóirí agus tá ríméad uirthi a bheith in ann maoiniú a thabhairt don lear mór iarratas den scoth a tháinig isteach.
“Tá dúshláin thar cuimse le sárú ag ealaíontóirí aonair agus ag eagraíochtaí ealaíon faoi láthair, agus sin é an rud fíorspeisialta atá ag baint leis an bhfreagra a fuarthas ar ghairm na bliana seo ar choimisiúin. Cuirfidh na dámhachtainí seo ar chumas ealaíontóirí smaointe iontacha a chur i gcrích agus cabhróidh sé lena gcoimisinéirí iad a chur ar fáil don phobal,” a dúirt sí.
Tá siad seo a leanas i measc na gcoimisiún a gheobhaidh maoiniú:
Déanfaidh ANU coimisiúnú ar an dearthóir fuaime agus an cumadóir Sinéad Diskin chun scór comhshaoil a chruthú, ag comóradh na hoibrithe muinisean as Éirinn a d’oibrigh i rith an Chéad Chogaidh Domhanda – 4,000 bean as gach cearn d’Éirinn. Tabharfaidh staraithe tábhachtacha míniú ar an spreagadh.
Déanfaidh an New York Irish Center coimisiúnú ar an drámadóir clúiteach Paul Meade. Beidh sé ag gabháil do cheardlanna agus d’agallaimh le hÉireannaigh ag úsáid an ionaid, agus scríobhfaidh sé script bunaithe ar na scéalta atá dírithe ar thaithí eisimirceach na hÉireann.
Déanfaidh The Ark coimisiúnú ar an amharc-ealaíontóir Clare Langan chun saothar nua samhlaíoch a chruthú do leanaí a chuirfear ar taispeántas ag The Ark in 2022. Is píosa scannáin 10 nóiméad a bheidh sa saothar a fuair inspioráid ón bhfiosracht agus ón iontas a fheictear ar leanaí maidir leis an dúlra.
Déanfaidh Compántas Liz Roche coimisiúnú ar a ealaíontóir comhlaigh Lucia Kickham chun cóiréagrafaíocht a chruthú ina ndéantar iniúchadh ar an gcaoi a bhfuil compántais damhsa ag dul in oiriúint d’athruithe ar an gcleachtas damhsa agus ar léiriúchán damhsa i rith na paindéime agus chun cur chuige nua a shainiú chun é sin a bhogadh ar aghaidh ó ensemble atá bunaithe i stiúideo go dtí bealaí seachadta níos éagsúla.
Níos túisce i mbliana, fuair an Chomhairle Ealaíon deontas breise €25 milliún ón Rialtas chun na héifeachtaí a bhí ag Covid-19 ar na healaíona a mhaolú. Thug an ghníomhaireacht freagra trí acmhainní breise a infheistiú i raon leathan réimsí, lena n-áirítear coimisiúin fheabhsaithe.
Is féidir deiseanna maoinithe uile na Comhairle Ealaíon a fheiceáil ar: http://www.artscouncil.ie/Maoiniu/
←Fill ar ais go dtí an nuacht