Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon agus ar an gCeoláras Náisiúnta buaiteoir Dhámhachtain Liam O’Flynn, 2020, a fhógairt – an ceoltóir uirlisí, an t-amhránaí, an cumadóir agus an t-amharc-ealaíontóir, Barry Kerr.
Is é Barry an dara duine a mbronnfar an dámhachtain air; ba í Úna Monaghan (ceoltóir agus cumadóir) an chéad duine a ghnóthaigh an dámhachtain.
Is amharc-ealaíontóir agus ceoltóir gairmiúil é Barry le scór bliain anuas. Seinneann sé an dúrud uirlisí go cumasach – an phíb uilleann, an fheadóg mhór, an giotár agus an basúcaí. Amhránaí agus scríbhneoir is ea é fosta.
Chuaigh Barry ar mhórán camchuairteanna le ensembles éagsúla. I measc na mbuaicphointí tá camchuairt Cheolfhoireann Shiansach RTÉ ar Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin stiúrthóir David Brophy, agus camchuairt bhanna ceoil Cara Dillon timpeall na Síne. Chuaigh sé i gcomhar leis an ngiotáraí cáiliúil Steve Cooney freisin mar chuid d’fhéile an Cheolárais Náisiúnta agus na Comhairle Ealaíon, Tradition Now – Sraith 2019.
Thaifead an iomad ceoltóirí agus amhránaithe iomráiteacha píosaí ceoil, amhráin agus poirt a chum Barry é féin; orthu siúd tá Beoga, Aoife Scott, Karan Casey, Brian Finnegan agus Kate Rusby. Tá éileamh mór air timpeall na cruinne mar cheoltóir agus déanann sé píosaí don teilifís agus don raidió ar bhonn rialta. Bhí Barry le feiceáil ar chlár BBC Alba, Port, ar na mallaibh agus é ag seinm i dteannta na n-amhránaithe Muireann Nic Amhlaoibh agus Julie Fowlis agus ceoltóirí ón Albain, ó Asturias agus ón nGailís chomh maith.
Ag glacadh leis an dámhachtain, dúirt Barry:
“Tá lúcháir orm agus is mór an onóir dom an dámhachtain seo a fháil. Mar phíobaire uilleann agus mar sheinnteoir na feadóige móire, bhí tionchar mór ag Liam O’Flynn ar fhorbairt mo chuid ceoil ó thosaigh mé ag seinm ceol traidisiúnta nuair a bhí mé 12 bhliain d’aois. Ní hamháin go bhfuil suim agam i gceol O’Flynn, ach ba dhíol spéise dom i gcónaí an dearcadh a bhí aige ar an saol, mar aon lena chomhshaothar le leithéidí Seamus Heaney. A bhuíochas leis an deis seo, beidh mé ábalta mo cheol a cheistiú agus oibriú ar shaothar úr. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an gCeoláras Náisiúnta, a bheith taobh istigh dá spás beannaithe agus a bheith ag comhoibriú le healaíontóirí eile, ag cruthú ceol nua.
Dúirt Martin O’Sullivan, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Ealaíon: “Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon a bheith ag leanúint ar aghaidh ag léiriú ómóis do cheol agus d’oidhreacht Liam O’Flynn – ceannródaí an cheoil thraidisiúnta a raibh tionchar aige ar ghlúin ceoltóirí. Chuir Liam O’Flynn ceol traidisiúnta na hÉireann i dtreo bealach nua spreagúil agus chuir sé i láthair lucht féachana nua ar fud an domhain é. Tá Barry Kerr, ar ceoltóir uirlisí agus amhránaí agus amharc-ealaíontóir tréitheach é féin ar ndóigh, ag iniúchadh réimsí a chuid ealaíontachta chomh maith agus is fiú go mór Dámhachtain Liam O’Flynn a bhronnadh air.”
Dúirt Simon Taylor, Príomhfheidhmeannach an Cheolárais Náisiúnta: “Bhí seasamh an-speisialta ag Liam i gceol na hÉireann sa mhéid is go raibh sé mar choimeádaí traidisiúin mhóir agus ba nuálaí cruthaitheach a bhí ann freisin. Tá an-áthas orainn an dámhachtain seo a bhronnadh ar cheoltóir cumasach macasamhail Barry Kerr. Tá an dámhachtain tuillte go maith aige. Níl dabht ar bith faoi ach go leanfaidh sé ar aghaidh i mbun a cheirde – súil amháin aige ar an nuálaíocht agus an tsúil eile ar na fréamhacha traidisiúnta, fearacht Liam féin.
Déantar ceiliúradh leis an Dámhachtain Liam O’ Flynn ar ról an ealaíontóra chruthaithigh thraidisiúnta aonair maidir le saothar nua a chruthú, comhshaothar agus nuálaíocht a chur chun cinn agus na healaíona traidisiúnta a sheachadadh ionas go mbeidh an chéad ghlúin eile in ann taitneamh a bhaint astu agus iad a chleachtadh.
Is é aidhm Dhámhachtain Liam O’Flynn tréimhse machnaimh, inspreagtha agus cruthaithe a chur ar fáil d’ealaíontóir traidisiúnta ar mhaithe leis an ealaín agus é/í ina (h)ealaíontóir cónaitheach sa Cheoláras Náisiúnta agus chun tuiscint agus eolas ar na healaíona traidisiúnta agus an taitneamh a bhaintear as na healaíona traidisiúnta a mhéadú.
Cuirfear deiseanna den chéad scoth a rachaidh i bhfeidhm ar shaol gairmiúil an duine ar fáil don té a gheobhaidh Dámhachtain Liam O’Flynn, áirítear leis na deiseanna seo seans le comhoibriú a dhéanamh le réimse leathan ealaíontóirí i dtimpeallacht thacúil phroifisiúnta, áit a mbeidh siad taobh le healaíontóirí tréitheacha ó sheánraí éagsúla agus a bhfuil ionchas ard ann maidir leis an obair chruthaitheach.
←Fill ar ais go dtí an nuacht