Mar gheall gur éirigh chomh maith sin le taispeántas amharcealaíne Richard Mosse, The Enclave, nuair a taispeánadh é i nGailearaí an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga i mBaile Átha Cliath mar chuid de chamchuairt ar Éirinn leis an gComhairle Ealaíon, déanfaidh an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Cathair Chultúir Luimnigh, The Enclave a thaispeáint i dTeach Ormston agus 6a Sráid Rutland, Luimneach, ón 28 Márta go dtí an 5 Bealtaine.
D’fhreastail 18,152 duine, an líon ab airde riamh, ar an taispeántas nuair a taispeánadh é i nGailearaí an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga idir an 30 Eanáir agus an 12 Márta 2014.
Nuair a taispeánadh The Enclave mar ionadaíocht náisiúnta na hÉireann ag Taispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise, fuair sé aird idirnáisiúnta iontach ó léirmheastóirí ealaíne ar fud an domhain, ar roghnaigh roinnt mhaith díobh, amhail The New York Times, The New Yorker, The Huffington Post agus The Guardian, an saothar mar cheann de na buaicphointí den Taispeántas Débhliantúil iomlán. Tháinig beagnach 80,000 duine chun an taispeántas a fheiceáil sa Veinéis, rud atá ina éacht suntais d’ealaíontóir Éireannach ag an taispeántas ealaíne idirnáisiúnta.
Léiríonn an cinneadh chun an taispeántas a léiriú i Luimneach mar chuid de chamchuairt The Enclave ar Éirinn tiomantas na Comhairle Ealaíon don ealaín is airde caighdeán a thabhairt go lucht féachana réigiúnach. Spreagtar an pobal chun páirt a ghlacadh sa chomhrá faoi The Enclave ar Twitter ach úsáid a bhaint as na haischlibeanna #TheEnclave #ArtsCouncil.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Agus muid spreagtha ag an rath ollmhór a bhí ar an taispeántas i mBaile Átha Cliath, táimid ag súil le rith The Enclave i Luimneach, a thosóidh an 28 Márta. Léiríonn chomh dearfach is ar glacadh leis an taispeántas nuair a taispeánadh é i mBaile Átha Cliath, sa Veinéis agus i Nua-Eabhrac go leanann amharcealaíontóirí na hÉireann ar aghaidh ag soláthar láithreacht chultúrtha shármhaith d’Éirinn ar an ardán domhanda. Tá ríméad orainn pobal Luimnigh agus na gcontaetha máguaird a éascú chun an feiniméan The Enclave a chomhroinnt. Tá an Chomhairle Ealaíon ag coinne go mbeidh lear mór daoine i láthair le haghaidh an tseó i Luimneach, áit a mbeidh sé ar siúl go dtí an 5 Bealtaine." Tacaíonn Cathair Chultúir Luimnigh, Colortrend agus The Irish Times le camchuairt The Enclave ar Éirinn leis an gComhairle Ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht