Tá Maureen Kennelly ceaptha mar Stiúrthóir nua ar an gComhairle Ealaíon Ceapadh í tar éis próiseas earcaíochta iomaíoch chun an post a bhí ag Orlaith McBride roimhe seo a líonadh.
Tá Maureen Kennelly, arb as Béal Átha Longfoirt i gcontae Chiarraí di ó dhúchas, ina Stiúrthóir faoi láthair ar Éigse Éireann.
Le linn gairmréim scór bliain in earnáil na n-ealaíon, d’oibrigh sí le go leor de na príomheagraíochtaí lena n-áirítear Féile Ealaíon Chill Chainnigh, Compántas Amharclannaíochta Fishamble, Compántas Amharclannaíochta an Druid, Ionad Ealaíon na Maighdine Mara agus Féile Litríochta Idirnáisiúnta na Cúirte.
Tá sí ina ball de Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann agus bhíodh sí ina ball de Bhord Rialaithe Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Sa ról is deireanaí aici le hÉigse Éireann ó bhí 2013 ann, chuir sí uaillmhian fhadbhunaithe na heagraíochta i gcrích, mar atá Ionad Éigse Éireann a bhunú ag Cearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath.
Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter:
‘Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Maureen isteach sa Chomhairle Ealaíon. Tugann sí léi chuig ról an Stiúrthóra flúirse taithí mar aon le paisean do na healaíona agus d’obair na n-ealaíontóirí. Tá taithí na mblianta aici mar cheannaire in earnáil na n-ealaíon.
Rachaidh a tiomantas agus a cuid fuinnimh chun sochair na Comhairle Ealaíon agus earnáil níos leithne na n-ealaíon. Táim ag dúil go mór le bheith ag obair le Maureen lena chinntiú go bhfaighidh níos mó daoine blaiseadh de na healaíona agus go neartófar ról an ealaíontóra sa tsochaí.
Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le hOrlaith McBride, an t-iar-stiúrthóir atá ag imeacht uainn, as a tiomantas don Chomhairle Ealaíon le hocht mbliana anuas. Tá go leor mór-éachtaí le sonrú ón am a chaith sí mar Stiúrthóir, a bhféadann sí a bheith iontach bródúil astu
Ag labhairt di féin ar a ceapachán úr, arsa Maureen Kennelly:
‘Is onóir ollmhór dom an deis a fháil glacadh leis an ról mar Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon. Tá mé iontach tógtha go mbeidh páirt ríthábhachtach agam sa chéad chéim spreagúil eile do ghníomhaireacht náisiúnta forbartha na n-ealaíon.Cuirim fáilte faoi leith roimh an deis an dul chun cinn a stiúradh i dtaca le beartais a d’fhorbair an Chomhairle Ealaíon le deireanas i dtaca le Comhionannas, Cearta an Duine agus Ilchineálacht agus maidir le híocaíocht d’ealaíontóirí.
Tá a fhios agam go bhfuil earnáil na n-ealaíon líon lán le daoine tréitheacha samhlaíocha dícheallacha tiomanta flaithiúla mar aon le heagraíochtaí dea-bhainistithe dea-rialaithe.Táim ag tnúth le fuinneamh, samhlaíocht, spreagadh agus treoir shoiléir a thabhairt liom chun an Chomhairle Ealaíon a stiúradh, mar aon le bheith ag obair leis an bhfoireann thiomanta agus leis an mBord faoi cheannas an Ollaimh Kevin Rafter.’Tabhair faoi deara:
Glacfaidh Maureen Kennelly leis an ról go luath i mí na Bealtaine 2020.
Beidh buiséad €80m aici in 2020, agus tá an Chomhairle Ealaíon ag obair le príomhbhonneagar agus eagraíochtaí ealaíon a neartú chun saothair den scoth a fhorbairt agus a chruthú do phobail níos leithne, agus chun réimse beart a chur i bhfeidhm, mar aon le dámhachtainí, scéimeanna agus sparánachtaí chun coinníollacha maireachtála agus oibre ealaíontóirí a fheabhsú.
Ós rud é gurb í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as na healaíona a fhorbairt, tá plean nua trí bliana á chur i bhfeidhm aici faoi láthair le bacainní maidir le rochtain ar na healaíona a shárú, agus chun tuarastal agus coinníollacha na n-ealaíontóirí a chruthaíonn an saothar a fheabhsú.
←Fill ar ais go dtí an nuacht