Tá comhghairdeas déanta ag an gComhairle Ealaíon leis na healaíontóirí amharclannaíochta agus rince Éireannacha a bheidh le feiceáil ag Féile Imill Dhún Éideann i mbliana. Tá tábhacht faoi leith leis an bhféile, a thosaíonn inniu, d’ealaíontóirí Éireannacha a chuireann saothar i láthair go hidirnáisiúnta agus cuireann sí deis uathúil ar fáil chun tuilleadh deiseanna camchuairte a chruinniú.
Taistealóidh naoi léiriúchán Éireannacha go Dún Éideann a bhuíochas do chlár Cultúr Éireann an Rialtais. Forbraíodh seacht gcinn de na léiriúcháin sin le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Ina measc tá: The Patient Gloria le Gina Moxley (Amharclann na Mainistreach agus Pan Pan Theatre); A Holy Show le Janet Moran (Verdant Productions); Body Language le David Bolger agus Christopher Ash (Amharclann Rince CoisCéim); agus Before le Pat Kinevane (Fishamble).
Leis an taispeáint láidir Éireannach ag Dún Éideann, cuirtear le fógairtí agus rath eile camchuairte idirnáisiúnta le déanaí. Áirítear leo siúd léiriúchán Amharclann na Mainistreach de Two Pints le Roddy Doyle a chuaigh go dtí an Bhreatain anuraidh agus go dtí Meiriceá i mbliana, agus léiriúchán Amharclann an Gheata de Hamlet, le Ruth Negga sa phríomhpháirt, a léireofar in St. Ann’s Warehouse i Nua-Eabhrac i mí Feabhra 2020. Chuaigh Irish Modern Dance Theatre de chuid John Scott ar an stáitse le déanaí freisin ag an Kennedy Center in Washington le léiriúchán de Actions, agus ghlac siad páirt i gceiliúradh céad bliain ar shaothar Merce Cunningham ag Dance Place, in Washington freisin. Agus cuirfear Loch na hEala de chuid Teaċ Daṁsa, a bhfuil dea-cháil air, ar an stáitse os comhair lucht féachana i Nua-Eabhrac, in Ottawa agus in Los Angeles mar chuid dá chamchuairt in 2019 ar Mheiriceá Thuaidh.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá ríméad orainn go bhfuil saothar ealaíontóirí Éireannacha ag baint lucht féachana domhanda amach agus go bhfuil aithint idirnáisiúnta ar an leibhéal is airde á cruinniú aige. Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do luach an chleachtais idirnáisiúnta a aithint agus táimid ag tnúth le leanúint leis an tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus iad sa tóir ar a leithéid de dheiseanna.”
Beidh Féile Imill Dhún Éideann ar siúl ón 2–26 Lúnasa.
←Fill ar ais go dtí an nuacht