Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon gur bhuaigh Mary Costello an Gradam le haghaidh Úrscéal na Bliana de chuid Eason ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2014 de chuid Bhord Gáis Energy as a céad úrscéal, Academy Street. Bronnadh Sparánacht Litríochta ar Mary in 2011 agus bronnadh Sparánacht Litríochta dhá bhliain uirthi in 2013. Chuir Stinging Fly Press a cnuasach gearrscéalta, The China Factory, i gcló. Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis an bhfoilsitheoir sin. Léigh a hagallamh leis an gComhairle Ealaíon i dtaobh a thábhachtaí is atá sparánacht
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an bhfoilsitheoir Tramp Press freisin as an ngradam a fháil don Leabhar is Fearr a Foilsíodh in Éirinn as an gcnuasach gearrscéalta, Dubliners 100, arna chur in eagar ag Thomas Morris. Tugadh tacaíocht do Tramp Press faoi Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal chun an teideal sin a chur i gcló. Bronnadh Sparánacht Litríochta ar Thomas Morris dá chuid scríbhneoireachta féin in 2012 agus arís in 2014. Eisean atá ina eagarthóir ar The Stinging Fly san am i láthair.
Bronnadh Gradam Saoil Bob Hughes 2014 ar Paul Durcan. Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon gur tugadh an t-aitheantas sin don fhile faoi leith sin. Bhíodh Paul mar Ollamh Filíochta na hÉireann agus is ball é d’Aosdána.
Ar deireadh, déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colin Barrett as Duais an Chéad Leabhair de chuid The Guardian a ghnóthú dá chnuasach, Young Skins. Bhronn an Chomhairle Ealaíon trí sparánacht ar Colin – in 2010, in 2011 agus in 2013. Léigh a agallamh leis an gComhairle Ealaíon i dtaobh a thábhachtaí is atá sparánacht. Stinging Fly Press a d’fhoilsigh Young Skins a chéaduair, mar aon le cúnamh ón gComhairle Ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht