Photo shows Íde Nic Mhathúna, Martin Tourish, Daire Bracken, Eamonn Galdubh, Lorcán Mac Mathúna and Elaine O'Dea.
Bainfidh daoine a bhfuil gean acu ar an gceol sult as dhá cheolchoirm ar leith an deireadh seachtaine seo mar gheall ar chéadléiriú ‘1916 – Visionaries and their Words’le Lorcán Mac Mathúna, an t-amhránaí, an scríbhneoir agus an cóiritheoir a bhfuil clú agus cáil air.
Beidh amhráin a scríobh Mac Mathúna, bunaithe ar spreagadh idéil cheannairí Éirí Amach na Cásca, á seinm aige sna ceolchoirmeacha. Agus é ag baint leas as saothar scríbhneoireachta an Phiarsaigh, Uí Chonghaile, Phluincéid agus eile, fiosróidh an t-ealaíontóir fís na réabhlóidithe agus a tábhacht i saol na linne seo.
Bhí an tionscadal i measc naoi dtionscadal a ghnóthaigh Dámhachtain Tionscadail Náisiúnta ‘Gairmeacha Oscailte’ de chuid na Comhairle Ealaíon in EALAÍN:2016, ar clár na Comhairle Ealaíon é atá mar chuid d’Éire 2016, agus is é seo an chéad cheann díobh a chuirfear i láthair lucht féachana.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Táimid an-sásta tacaíocht a thabhairt don tionscadal tábhachtach seo. I bhfianaise ról na n-ealaíontóirí in imeachtaí 1916, is cuí agus is sásúil go bhfuil na healaíona ina mbunchuid den chlár náisiúnta.”
Beidh na ceolchoirmeacha ar siúl i gCill Michin, Baile Átha Cliath, ar 1pm Dé Sathairn (an 30 Eanáir) agus ar 8pm Dé Domhnaigh (an 31 Eanáir).
Gheall Lorcán Mac Mathúna an tseachtain seo go nochtfadh sé “Sean-nós an Phiarsaigh, meadaracht fhoirfe Phluincéid, agus bailéadaíocht Uí Chonghaile” don lucht éisteachta.
“Bhí ceird an Phluincéadaigh ina hábhar iontais dom. Is aisteach d’fhile a phléann leis an doiléire íomhánna ríshoiléire a chruthú; agus tá sé ina mháistir ar an meadaracht. I mo chás féin, spreag na rudaí sin smaointe an-soiléire ceoil. Mar shampla, b’ábhar spreagtha do shioncóipiú glórach inár léiriú é a shoinéad ‘Daybreak’, mar aon lena cuntraphointe rialta,” ar sé.
“Tá súil agam go mbeidh léirthuiscint úr d’intinní cruthaitheacha agus do scríbhneoireacht shoiléir cheannairí an Éirí Amach ag daoine tar éis an tseó,” a dúirt Mac Mathúna freisin.
Beidh Íde Nic Mhathúna (guth), Martin Tourish (bosca ceoil), Daire Bracken (fidil, giotár), Eamonn Galdubh (píb uilleann, fliúit, sacsafón) agus Elaine O’Dea (an focal labhartha) ina theannta.
Tar éis an deiridh seachtaine seo, cuirfear an cheolchoirm i láthair i dtraidhfil ionad in Éirinn, ag tosú i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire Dé Máirt seo chugainn (an 2 Feabhra) ar 7.30pm.
←Fill ar ais go dtí an nuacht